8. Táillí boird agus speansais bhoird
Íoctar táille bhliantúil le Stiúrthóirí áirithe ag ráta €15,750, arna sonrú ag an Aire Airgeadais. Leagtar amach thíos an táille a íoctar leis na Stiúrthóirí uile ó dháta a gceapacháin go dtí an dáta tuairiscithe:
| Táillí an Bhoird | an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 31 Nollaig 2015 € |
|---|---|
| Barbara Cotter | 12,409 |
| Tom McAleese | 12,170 |
| Rosheen McGuckian | 11,991 |
| AJ Noonan | 12,409 |
| Richard Pelly | 12,409 |
| Eilis Quinlan | 12,409 |
| 73,797 |
Ní bhfuair an Cathaoirleach ná an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin aon luach saothair i dtaca lena gcomhaltas ar an mBord. Ní bhfuair Ann Nolan, ceaptha ina ról mar Dhara Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, aon luach saothair i dtaca lena comhaltas.
Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le Stiúrthóirí ar bhonn deimhnithe. Baineann costais le taisteal chun freastal ar chruinnithe in oifigí CBSÉ i mBaile Átha Cliath. I rith na tréimhse airgeadais, tabhaíodh €1,231 i gcostais inchánacha ar an iomlán i ndáil le Stiúrthóirí áirithe.
| Comhalta Boird | Taisteal € |
Cóiríocht agus cothú € |
Iomlán € |
|---|---|---|---|
| Richard Pelly | 1,231 | - | 1,231 |
Áirítear na costais a íocadh leis na Stiúrthóirí sna costais inaisíoctha le GBCN.
