Tuarascáil na Stiúrthóirí

Cuireann Stiúrthóirí Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (“an Chuideachta” nó “CBSÉ”) a dtuarascáil agus ráitis airgeadais iniúchta i láthair maidir leis an tréimhse airgeadais ón dáta corpraithe, an 12 Meán Fómhair 2014, suas go dtí an 31 Nollaig 2015 agus an dáta sin san áireamh (“an tréimhse airgeadais”).

Bunaíodh an Chuideachta de bhun Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014 an 12 Meán Fómhair 2014. Baineann an Chuideachta leas as foinsí maoinithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar mhaithe le maoiniú ar chostas íseal a sholáthar d’iasachtóirí ar aghaidh ar gá dóibh an ráta tairbhiúil a chur ar aghaidh chuig iasachtaithe GBM in Éirinn.

Is éard is iasachtóirí ar aghaidh ann ná bainc nó soláthraithe maoinithe neamhbhainc a gcuireann CBSÉ maoiniú ar aghaidh chucu, agus a bhaineann leas as an maoiniú sin chun creidmheas a sholáthar do GBManna incháilithe.

Beartaíonn na Stiúrthóirí go mbeidh an Chuideachta athchláraithe mar chuideachta gníomhaíochta ainmnithe roimh dheireadh na hidirthréimhse a cheadaítear in Acht na gCuideachtaí 2014.

Príomhghníomhaíochtaí

Ba iad príomhghníomhaíochtaí CBSÉ i rith na tréimhse airgeadais ná bunú agus tosach oibríochtaí ar dtús báire, maoiniú a fháil ó sholáthraithe maoinithe idirnáisiúnta agus ó acmhainní an Stáit, agus iasachtaí fadtéarmacha ar chostas íseal a sholáthar d’institiúidí iasachtaithe ar aghaidh lena ndáileadh ar iasachtaithe ghnóthais bheaga agus mheánmhéide in Éirinn (“GBM”).

Athbhreithniú gnó agus forbairtí is dóigh a tharlóidh sa todhchaí

Tugtar tuairisc i Ráiteas an Chathaoirligh agus in Athbhreithniú an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht na Cuideachta sa tréimhse airgeadais, ar theagmhais mhóra a tharla le déanaí agus ar fhorbairt is dóigh a tharlóidh sa todhchaí. Tá tuilleadh faisnéise maidir le straitéis agus samhail ghnó CBSÉ leagtha amach sa rannán ar Straitéis (leathanaigh 8 go 9) agus tá athbhreithniú cuimsitheach ar oibríochtaí CBSÉ leagtha amach sa rannán Athbhreithniú Gnó (leathanaigh 10 go 16).

I rith na tréimhse airgeadais, dhírigh an Chuideachta ar mhaoiniú a aimsiú ar dtús báire ó mhaoinitheoirí idirnáisiúnta agus acmhainní Stáit chomh maith lena céad saoráidí iasachtaithe ar aghaidh a bhunú. Is é samhail ghnó tosaigh CBSÉ ná maoiniú mórdhíola ar chostas íseal a sholáthar d’iasachtóirí ar aghaidh (bainc agus soláthraithe maoinithe neamhbhainc), a tugann maoiniú ansin do GBManna. Sa tréimhse airgeadais, léiríonn siad seo a leanas na príomhthorthaí feidhmíochta:

  • €790 milliún de mhaoiniú tiomnaithe faighte ag CBSÉ ó mhaoinitheoirí san Eoraip agus sa Stát;
  • €751 milliún de shaoráidí maoinithe ar chostas íseal faighte ag CBSÉ le soláthar d’iasachtóirí ar aghaidh;
  • €235 milliún curtha ar aghaidh ag CBSÉ d’iasachtóirí ar aghaidh ar mhaithe le hiasachtaí a thabhairt do GBManna ina dhiaidh sin;
  • €172 milliún d’iasachtaí ar chostas íseal curtha ar aghaidh ag iasachtóirí ar aghaidh chuig GBManna.

Príomhrioscaí agus neamhchinnteachtaí

Tá mionsonraí thíos maidir leis na rioscaí bunairgid agus na neamhchinnteachtaí atá os comhair na Cuideachta. Léiríonn na rioscaí sin luathchéim reatha d’fhorbairt CBSÉ.

Riosca Straitéiseach

Bíonn CBSÉ ag brath ar a táirge agus ar a straitéis maidir le hiasachtóirí ar aghaidh chun a cuspóirí maidir le maoiniú a thabhairt do GBManna a chomhlíonadh. Má theipeann uirthi a táirgí a struchtúrú go cuí agus straitéis iomchuí a úsáid chun iad sin a sheachadadh, tá an baol ann nach mbeidh iasachtóirí ar aghaidh rannpháirteach mar a ceapadh dóibh agus ní cheannóidh GBManna na táirgí tairgthe.

Riosca Creidmheasa

Tá CBSÉ nochta don bhaol go mainneoidh contrapháirtí iasachtaithe (i.e. iasachtóir ar aghaidh) ar a oibleagáidí agus go dteipfidh air a fhiachas a aisíoc ina iomláine, rud a chruthaíonn caillteanais do CBSÉ. Is do na hiasachtóirí ar aghaidh a dtugann sí iasachtaí dóibh is mó atá nochtadh riosca creidmheasa díreach CBSÉ, agus ní shíneann sé chuig na GBManna tairbhíocha deiridh.

Riosca Oibríochtúil

Tá CBSÉ nochta do raon leathan rioscaí oibríochtúla a eascraíonn ó na daoine, ó na córais agus ó na próisis a bhíonn i gceist chun a cuspóir a bhaint amach. I measc na bpríomhrioscaí oibríochtúla tá teipeanna i gcórais, earráidí próisis, a bheith ag brath rómhór ar dhaoine aonair tábhachtacha, teip nósanna imeachta a leanúint, earráidí a thuairisciú, etc., agus dá mbarr sin go léir d’fhéadfadh sé go dteipfeadh sa deireadh thiar ar CBSÉ a cuid cuspóirí a chomhlíonadh agus go ndéanfaí damáiste mór dá clú.

Riosca ó thaobh acmhainní a chur ar fáil

Is eagraíocht bheag í CBSÉ a bhíonn ag brath ar lucht gairme speisialtachta oilte chun a cuspóirí reachtúla a chomhlíonadh. Tá an baol ann nach mbeidh an taithí agus an saineolas iomchuí ag CBSÉ, rud a chiallódh go dteipfeadh uirthi a cuid cuspóirí a bhaint amach.

Bainistíocht riosca airgeadais

Tá an chuideachta nochta do riosca creidmheasa, riosca margaidh, riosca leachtachta, riosca caipitil agus riosca comhchruinnithe i ngnáthchúrsa a cuid gnó. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcaoi a ndéanann an Chuideachta bainistiú ar na rioscaí sin i Nóta 12 leis na ráitis airgeadais.

Stiúrthóirí

Is iad seo a leanas na Stiúrthóirí a d’fhónaimh ar feadh na tréimhse airgeadais:

Conor O'Kelly (Cathaoirleach) (a ceapadh an 12 Eanáir 2015)
John Corrigan (Cathaoirleach) (a ceapadh an 12 Meán Fómhair 2014 agus a d’éirigh as an 5 Eanáir 2015)
Nicholas Ashmore (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin) (a ceapadh an 12 Meán Fómhair 2014)
Barbara Cotter (a ceapadh an 18 Márta 2015)
Tom McAleese (a ceapadh an 24 Márta 2015)
Rosheen McGuckian (a ceapadh an 27 Márta 2015)
Ann Nolan (a ceapadh an 12 Meán Fómhair 2014)
AJ Noonan (a ceapadh an 18 Márta 2015)
Richard Pelly (a ceapadh an 18 Márta 2015)
Eilis Quinlan (a ceapadh an 18 Márta 2015)

Leasanna na Stiúrthóirí

Ní raibh aon leas tairbhiúil ag na Stiúrthóirí sa Chuideachta i rith na tréimhse ná ag deireadh na tréimhse. Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe na Cuideachta.

Taifid chuntasaíochta dhóthanacha

Cinntíonn na Stiúrthóirí go gcomhlíonann an Chuideachta a dualgais maidir le taifid chuntasaíochta a choinneáil mar a éilítear faoi ailt 281 go 285 d’Acht na gCuideachtaí 2014, trí úsáid a bhaint as pearsanra cuntasaíochta cáilithe agus córais agus nósanna imeachta cuí, arna leagan amach sa Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais ar leathanach 29. Coinnítear na taifid chuntasaíochta in oifig chláraithe na Cuideachta i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 XN96.

Torthaí agus díbhinní

Leagtar amach na torthaí don tréimhse airgeadais agus staid gnóthaí na Cuideachta sa Ráiteas Ioncaim agus Ioncam Cuimsitheach Eile agus an Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais ar leathanaigh 33 agus 34 faoi seach.

Níor íoc an Chuideachta aon díbhinní i rith na tréimhse airgeadais lena scairshealbhóir aonair, an tAire Airgeadais, agus níl sé i gceist aici aon díbhinní a íoc le haghaidh na tréimhse airgeadais seo.

Teagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe

Feic Nóta 24 de na ráiteas airgeadais.

Iniúchóir

Is é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (“C&AG”) iniúchóir na Cuideachta de bhua Alt 19 den Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014 (“Acht CBSÉ 2014”).

Faofa agus údaraithe lena eisiúint ag an mBord Stiúrthóirí agus sínithe thar a cheann:

Nichola Ashmore
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

Conor O'Kelly
Cathaoirleach
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

19 Bealtaine 2016