Margaíocht agus Cur Chun Cinn

Tá CBSÉ ag féachaint le seasamh a chruthú di féin mar chuid aitheanta agus iontaofa d’ollstruchtúr airgeadais gheilleagar na hÉireann. Mar eagraíocht nuabhunaithe ní mór do CBSÉ feasacht a ardú maidir lena branda agus an ról atá aici ó thaobh maoiniú níos fadtéarmaí ar chostas íseal a sheachadadh do GBManna in Éirinn. Is gá do CBSÉ freisin a samhail oibre maidir lena hiasachtóirí ar aghaidh a chur in iúl go soiléir. Ní mór do CBSÉ a chinntiú go dtéann a teachtaireacht i gcion ar raon leathan daoine, idir GBManna aonair agus a gcomhairleoirí agus an tionscal agus chomhlachtaí Stáit. Rud a bheidh lárnach chun é sin a bhaint amach is ea branda atá aitheanta go héasca a chruthú, branda atá ábhartha do phríomhlucht leanúna CBSÉ, agus a mbíonn tionchar aige i dtimpeallacht ghnóthach brandaí GBM. Áiríodh le próiseas forbartha an bhranda taighde ar chustaiméirí agus ar an margadh rud a raibh forbairt lógó CBSÉ mar thoradh air agus an sluán “Gnóthaí beaga. Pleananna móra”. D’fhonn a chinntiú go dtéann GBManna ar thóir tháirgí CBSÉ, forbraíodh feachtas feasachta poiblí chun poiblíocht a dhéanamh ar bhranda, ar tháirgí agus ar chláir CBSÉ féin do GBManna. Cuimsíodh leis sin feachtas margaíochta agus cur chun cinn agus clár for-rochtana freastail ag seónna trádála, comhdhálacha agus imeachtaí GBM ar fud na tíre.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas margaíochta agus cur chun cinn i mí Feabhra 2015 agus bhí meascán meán raidió, clóite agus ar líne i gceist leis. Dearadh plean na meán chun dul i gcion ar bhreis is 90% de na GBManna go léir thar thréimhse an fheachtais agus feasacht maidir le CBSÉ a mhéadú. Taispeántar i Suirbhé na Roinne Airgeadais ar Éileamh ar Chreidmheas (30 Meán Fómhair 2015) go bhfuiltear feasach faoi CBSÉ mar thionscnamh tacaíochta de chuid an Rialtais agus 23% de GBManna rannpháirteach, rud a léiríonn dul chun cinn maith ó thaobh feasacht branda a mhéadú sna chéad sé mhí do CBSÉ a bheith i mbun oibre. Ina theannta sin d’úsáid CBSÉ roinnt cainéal sna meáin shóisialta, agus foilsíodh cás-staidéir ar LinkedIn agus Twitter chun infheidhmeacht mhaoiniú CBSÉ do GBManna a chur chun cinn.

Idir mí an Mhárta agus mí na Nollag 2015, tríd an gclár for-rochtana FGM, d’fhreastail foireann CBSÉ ar bhreis is 100 imeacht ag ar bhain siad leas as 75 deis labhartha.