Forbhreathnú ar an Margadh

Is micreafhiontair agus GBManna 97% de na fiontair go léir in Éirinn. Níl struchtúr úinéireachta GBManna na hÉireann casta, bíonn a gcothromas pearsanta iomlán nó an chuid is mó dó dílsithe ag an bhfiontraí sa ghnó. Mar thoradh air sin, is minic nach mbíonn ag GBManna ach goile riosca beag rud atá in ann cur isteach ar fhás a ngnó agus iallach a chur orthu deiseanna infheistíochta caipitil a fhágáil ina ndiaidh. Dá bharr sin is gá do sholáthraithe maoinithe táirgí a chruthú a chuirfidh borradh faoi infheistíocht chaipitil agus a chuirfidh borradh dá réir sin faoi tháirgiúlacht GBManna.

Ó 2010 i leith tá cothromaíocht á cruthú arís i struchtúr leabhair iasachta na mbanc, de réir mar atá athrú inbhraite á dhéanamh ar chomhdhéanamh an iasachtaithe nua san earnáil.2 Is féidir sciar gach earnála d’iasachtú nua i gcomparáid lena sciar den stoc creidmheasa GBM neamhairgeadais iomlán atá le híoc a fheiceáil i bhFíor 1, ag léiriú an athraithe i dtreo phríomhthionscal (e.g. talmhaíocht) agus laghdú ar chion comhréireach na n-earnálacha fáilteachais agus miondíola.

Chonacthas fás dearfach san oll-iasachtú nua do GBManna (gan fiontair airgeadais agus eastát réadach san áireamh) ó thús na bliana 2014. B’ionann an ráta fáis bliain ar bhliain sin maidir le hiasachtú nua in 2015 agus 11%. Mar sin féin, in ainneoin an fháis sin, tá meath ag teacht i gcónaí ar an stoc foriomlán de chreidmheas GBM gan íoc, rud a thugann le fios go leanann méid na n-aisíocaíochtaí ag sárú an mhéid iasachtaí nua atá á dtabhairt i ngach ráithe. Cé go bhfuil dearcadh GBM maidir le toilteanas na mbanc creidmheas a sholáthar feabhsaithe, mheas 39% de GBManna na hÉireann fós féin gur ábhar mór ‘imní’ é rochtain ar mhaoiniú.3

Cé gur rud maith é an fás in athuair ar iasachtú nua, tá an earnáil GBM fós ag brath go mór ar líon beag de bhainc mhóra agus an fás i measc iontrálaithe nua agus maoiniú neamhbhainc ag tosú amach ó leibhéal an-íseal go deo. Is iad Bainc-Aontas Éireann, Banc na hÉireann agus Banc Uladh na príomhsholáthraithe bainc a thugann maoiniú fiachais do GBManna i margadh na hÉireann. I measc na mbanc eile atá fós i margadh baincéireachta na hÉireann tá Permanent TSB, agus tá treoirscéim curtha ar bun aige trína bhfuil sé chun suimeanna beaga iasachtaí a thabhairt do GBManna agus KBC Bank Ireland. Is léir go gcaithfear líon na rannpháirtithe sa mhargadh a sholáthraíonn creidmheas do GBManna a mhéadú chun iomaíochas a fheabhsú.

Sa chainéal maoinithe neamhbhainc chonacthas laghdú beag freisin ar líon na soláthraithe i ndiaidh na géarchéime airgeadais. Níorbh fhoinse shuntasach de mhaoiniú fiachais do GBManna a bhí ann riamh anall ach, de réir mar a thagann sé chun cinn arís, táthar ag súil go mbeidh sé ina ghné níos mó den mhargadh agus gach seans go n-áireofar slua-chistiú, iasachtú idir phiaraí, fachtóireacht, lascainiú sonrasc, agus maoiniú sócmhainní leis.

Bíonn níos mó agus níos mó deacrachtaí ag GBManna maoiniú a fháil i gcónaí le hais mar a bhíonn ag gnólachtaí móra. Tarlaíonn sé sin mar gheall ar aisiméadracht faisnéise níos mó idir an t-iasachtaí ionchasach agus a chuid iasachtóirí agus freisin mar gheall ar chostais idirbheart níos airde mar a léirítear i bhFíor 2, a léiríonn rátaí i bhfad níos ísle i gcás GBManna níos mó a dteastaíonn maoiniú os cionn €1 mhilliún uathu.

I gcás iasachtaí níos mó do GBManna, tá titim ar leibhéal na rátaí úis feicthe in Éirinn i gcomparáid le GBManna den chineál céanna i dtíortha AE eile. Mar sin féin, agus go háirithe le blianta beaga anuas, tá rátaí na hÉireann ag teacht níos fearr le tíortha dheisceart na hEorpa seachas le tíortha thuaisceart na hEorpa.

Bhí difríochtaí leanúnacha idir rátaí iasachta GBM na hÉireann agus na rátaí i limistéar an euro ó thaobh iasachtaí GBM níos lú agus is í Éire an t-aon tír i limistéar an euro nach bhfaca titim ar rátaí úis GBM ar iasachtaí níos lú. Ba é an meánchostas ar fho-iasacht €250,000 in Éirinn in 2015 ná 5.5% ag deireadh 2015 i gcomparáid le meán 3.0% i dtuaisceart na hEorpa agus meán 4.0% i ndeisceart na hEorpa. Ba é meánchostas iasachtaí CBSÉ in 2015 ná 4.5%.


2. Sainíonn Banc Ceannais na hÉireann iasachtú nua mar aon tarraingt anuas nach raibh mar chuid de stoc deiridh an iasachtaithe cheana féin ag an tréimhse tagartha roimhe sin. Ní áirítear idirbheartaíocht in athuair ar iasachtaí reatha ná athnuachan ar shaoráidí rótharraingte san iasachtú nua.

3. Foinse: Tuarascáil Bhanc Ceannais na hÉireann: Creidmheas a cuireadh ar aghaidh chuig GBManna atá Cónaitheach in Éirinn.