Spriocanna Straitéiseacha

Tá straitéis CBSÉ bunaithe ar a mhisean ‘tacaíochtaí éifeachtacha airgeadais a chur ar fáil do GBManna Éireannacha agus de réir a chéile d’earnálacha eile a thugann aghaidh ar theipeanna i margadh creidmheasa na hÉireann, agus iomaíochas agus nuálaíocht a spreagadh ag an am céanna agus a chinntiú go mbaintear úsáid éifeachtúil as acmhainní AE atá ar fáil’, agus tá an straitéis sin á treorú ansin ag a feidhmeanna faoin Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014.

D’fhonn an misean sin a bhaint amach, tá fís leagtha síos ag CBSÉ ‘a bheith mar institiúid airgeadais láidir le haghaidh spreagadh a thugann tacaíocht éifeachtach airgeadais do GBManna na hÉireann agus a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn’. Léirítear leis sin an creideamh atá ann go bhfuil ról riachtanach ag CBSÉ ó thaobh margadh éifeachtach agus inbhuanaithe a athchóiriú le haghaidh maoiniú GBM in Éirinn agus go bhfuil ról níos leithne aici go fadtéarmach mar idirghabhálaí le haghaidh thacaíochtaí maoinithe an Stáit agus na hEorpa.

I rith thréimhse an tuairiscithe dhírigh CBSÉ ar a tráinse tosaigh maoinithe a fháil ó chomhlachtaí iltaobhacha agus ó acmhainní an Stáit chomh maith lena céad saoráidí iasachtaithe a chur i bhfeidhm, trí bhainc leibhéal 1 ar dtús báire ach trí institiúidí iasachta neamhbhainc freisin. Dhírigh sí freisin ar fheasacht agus ar mhargaíocht maidir lena branda ionas go raibh GBManna ar an eolas faoi iasachtaí GBM agus go ndéanfaidís iarratas orthu.

Ag tógáil ar an obair thosaigh sin, tá na cuspóirí straitéiseacha seo a leanas leagtha síos ag CBSÉ le haghaidh 2016 agus 2017:

Fís: A bheith mar institiúid airgeadais láidir le haghaidh spreagadh a thugann tacaíocht airgeadais éifeachtach do GBManna na hÉireann agus a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn.