Táirgí CBSÉ

D’fhorbair CBSÉ roinnt táirgí ar dtús báire chun dul i ngleic le riachtanais maoinithe GBManna a sholáthraítear trína iasachtóirí ar aghaidh. Seo a leanas roinnt de na príomhghnéithe a bhaineann leis na táirgí CBSÉ:

  • rátaí úis níos ísle;
  • aibíocht iasachta íosta de dhá bhliain;
  • téarma uasta de dheich mbliana; agus
  • iasachtaí suas go €5 mhilliún ar fáil.

(i) Iasachtaí Infheistíochta agus Caipiteal Oibre

Tá iasachtaí infheistíochta CBSÉ agus iasachtaí caipiteal oibre ar fáil do GBManna incháilithe trína comhpháirtithe iasachtóirí ar aghaidh.

(ii) Athmhaoiniú Iasachtaí Bainc Reatha

Tá an táirge iasachta CBSÉ seo ar féidir é a úsáid chun críche infheistíochta agus caipiteal oibre ar fáil do GBManna incháilithe a raibh a saoráidí iasachta acu an chéad lá riamh le banc atá ag scor nó a bhfuil margadh na hÉireann scortha aige, i.e. ACC Bank, Danske Bank; Lloyds/Bank of Scotland Ireland, Irish Nationwide/CÉRB, Banc-Chorparáid Angla-Éireannach/CÉRB.

(iii) Iasachtaí i gcomhair Infheistíochta i dTalmhaíocht

Tá táirge iasachta i gcomhair infheistíochta i dtalmhaíocht ag CBSÉ atá ar fáil do GBManna incháilithe i bpríomhtháirgeacht talmhaíochta nó i bpróiseáil nó margaíocht táirgí talmhaíochta. Tá an táirge sin ar fáil chun críche infheistíochta.

(ii) Iasachtaí Léasaithe agus Fruilcheannaigh

Trína comhpháirtithe iasachtóir ar aghaidh reatha neamhbhainc, soláthraíonn CBSÉ iasachtaí fruilcheannaigh, fruilchonartha agus léasaithe atá ar fáil do GBManna incháilithe chun carranna, feithiclí tráchtála agus gléasra agus sócmhainní innealra ar leith a mhaoiniú. Soláthraíonn na táirgí sin téarmaí iasachta idir dhá agus sé bliana de ghnáth.