An Bord agus Coistí an Bhoird

Is cuideachta phríobháideach teoranta ag scaireanna í CBSÉ arna bunú faoin Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014 agus a corpraíodh i mí Mheán Fómhair 2014. Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe CBSÉ.

Foráiltear in Airteagail Chomhlachais CBSÉ go mbeidh beirt Stiúrthóirí ar a laghad agus naonúr Stiúrthóirí ar a mhéad, agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar dhuine acu sin, mar chomhaltaí de bhrí oifige den Bhord. Cheap an tAire na chéad Stiúrthóirí nuair a ceapadh agus nuair a cláraíodh CBSÉ. Is é an Bord, ar ainmniúchán an Aire, a cheapann Stiúrthóirí ina dhiaidh sin. Foráiltear sna hAirteagail gurb é an tAire a cheapfaidh an Cathaoirleach.

Cheap an tAire triúr Stiúrthóirí i mí Mheán Fómhair 2014: John Corrigan (an Cathaoirleach), Nick Ashmore agus Ann Nolan. D’éirigh John Corrigan as an mBord i mí Eanáir 2015 nuair a chuaigh sé ar scor óna phost mar Phríomhfheidhmeannach Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. Ceapadh Conor O’Kelly, an Príomhfheidhmeannach nua ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, mar Stiúrthóir agus mar Chathaoirleach i mí Eanáir 2015.

I mí an Mhárta 2015 ceapadh seisear Stiúrthóirí eile ar an mBord: Barbara Cotter, Tom McAleese, Rosheen McGuckian, AJ Noonan, Richard Pelly agus Eilis Quinlan. Athcheapadh Ann Nolan agus Conor O’Kelly. Is Stiúrthóir de bhrí oifige i gcónaí é Nick Ashmore ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin.

Ghlac an Bord freisin leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit (2009) (‘an Cód’), arna oiriúnú i líon teoranta cásanna de réir struchtúir rialachais agus imthosca gnó CBSÉ. Nuair is gá, tá sé ag cur socruithe i bhfeidhm lena chinntiú go gcomhlíontar an Cód, agus déanfaidh sé athbhreithniú ar a bheartais agus ar a nósanna imeachta ar bhonn tréimhsiúil lena chinntiú go leanfar ag comhlíonadh an Chóid.

Tá Cód Iompair i bhfeidhm le haghaidh Stiúrthóirí. Is fostaithe de chuid Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta iad foireann CBSÉ agus iad sannta do CBSÉ. Tá na comhaltaí foirne sin faoi réir Chód Cleachtais GBCN maidir le Rúndacht agus Iompar Gairmiúil. Táthar ag súil go gcinnteoidh na stiúrthóirí agus na comhaltaí foirne go mbeidh a gcuid gníomhaíochtaí go léir á rialú ag na caighdeáin eiticiúla a léirítear sa chód ábhartha.

Is comhlacht forordaithe poiblí í CBSÉ chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001. Tá ceanglais maidir le nochtadh leasa freisin ar Stiúrthóirí faoi Acht na gCuideachtaí 2014, faoi Airteagail Chomhlachais na Cuideachta agus faoin gCód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit. Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag CBSÉ chun cuidiú le Stiúrthóirí a n-oibleagáidí maidir le nochtadh leasa a chomhlíonadh.

An Coiste Iniúchta agus Riosca

Bhunaigh Bord CBSÉ Coiste Iniúchta agus Riosca chun cuidiú léi a cuid feidhmeanna a chur i gcrích. Tá triúr comhaltaí ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca:

  • Tom McAleese (Cathaoirleach)
  • Barbara Cotter
  • Eilis Quinlan

Bunaíodh an Coiste Iniúchta agus Riosca i lár na bliana 2015 agus bhuail siad le chéile faoi dhó i rith na tréimhse tuairiscithe (beidh ceithre chruinniú ar a laghad aige i mbliain féilire iomlán). Is é sin an t-aon Choiste (go dtí seo) a bhunaigh Bord CBSÉ. I measc na bhfreagrachtaí atá air déanann sé monatóireacht ar ionracas na ráiteas airgeadais, déanann sé athbhreithniú agus tugann sé tuairisc don Bhord maidir le saincheisteanna suntasacha tuairiscithe airgeadais, déanann sé monatóireacht agus athbhreithniú ar éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, ar an bhfeidhm iniúchta inmheánaigh agus ar an gcóras bainistíochta riosca, déanann sé athbhreithniú agus machnamh ar na haschuir ón iniúchóir reachtúil (an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste), agus déanann sé maoirseacht ar chur i bhfeidhm an Tuairiscithe ar “Éagóiritheoireacht” agus an Beartas Nochtuithe Cosanta. Tá rochtain iomlán neamhshrianta ar an gCoiste ag na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha agus ag an gCeannasaí Riosca.