Foinsí Maoinithe

Ag deireadh na bliana 2014 chuir CBSÉ trí fhoinse mhaoinithe fhadtéarmaigh ar chostas íseal i bhfeidhm ar dtús báire chun tacú lena chuspóir maoinithe GBM. Tá socruithe maoinithe ar fiú €790 milliún ar an iomlán iad socraithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), le Kreditanstalt für Wiederaufbau (KfW) agus le Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ).

An Banc Eorpach Infheistíochta – €400m

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) banc an Aontais Eorpaigh, a thugann tacaíocht nuair a theipeann ar an margadh creidmheasa agus cothromais araon ar fud na hEorpa. Príomhthosaíocht de shainordú BEI is ea maoiniú a thabhairt agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do phobal na nGnóthas Beag agus Meánmhéide san Eoraip. Bhí soláthar maoinithe don CBSÉ istigh faoin gcuspóir sin de thacaíocht maoinithe do GBManna.

Kreditanstalt fur Wiederaufbau – €150m

Is é KfW banc spreagtha stát na Gearmáine, le branda láidir a bhfuil ardmheas air i margaí caipitil trína dtugtar rochtain chobhsaí ar chostas íseal dó ar mhaoiniú fadtéarmach. Is é sainordú KfW thar aon ní eile a bhonn miondíola, tráchtála agus corparáideach féin a fhorbairt go hinmheánach. Baineann KfW leas as samhail don iasachtóir ar aghaidh ag baint leasa as bainc áitiúla chun an sainordú sin a sheachadadh trína raon táirgí agus feabhsúchán ar iomaíochas sna margaí. Ina theannta sin, soláthraíonn KfW a mhaoiniú níos fadtéarmaí ar chostas níos ísle freisin do stáit eile in AE trína n-institiúidí spreagtha faoi seach amhail CBSÉ, d’fhonn tacú lena sainorduithe comhlántacha.

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn – €240m

Bunaíodh Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ) i mí na Nollag 2014 chun infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a dearadh chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn. Aistríodh sócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean – an ciste a bhí mar réamhtheachtaí ag CISÉ – chuig CISÉ. Tugadh maoiniú don CBSÉ de bhun treorach ón Aire Airgeadais chuig an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean. Is saoráid rothlach deich mbliana é an maoiniú CISÉ.

Maoiniú i bhfoirm gnáthscaireanna

Tá luach €10 milliún de scaireanna eisithe ag CBSÉ don Aire Airgeadais. Má shocraíonn CBSÉ go dteastóidh tuilleadh gnáthscaireanna chun a hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh, féadfaidh sí tuilleadh scaireanna a eisiúint don Aire suas go dtí luach nach mó ná scairchaipiteal údaraithe an CBSÉ de €250 milliún. Féadfar íoc as scaireanna den sórt sin ón bPríomh-Chiste nó gnáthscaireanna a dhéanamh den iasacht CISÉ nó ón dá fhoinse.

Tá CBSÉ i mbun cainteanna faoi láthair le hinstitiúidí maoinithe eile féachaint lena bonn maoinithe a leathnú agus maoiniú breise ar chostas íseal a rochtain.