MAIDIR LE CBSÉ

Murab ionann le cuid mhaith tíortha san Eoraip, ní raibh banc spreagtha ná institiúid creidmheasa Stáit ag Éirinn chun maoiniú a choinneáil le gnóthaí ar feadh na géarchéime airgeadais. Nuair a d’fhág Éire an clár AE/CAI ag deireadh na bliana 2013, d’aontaigh an Taoiseach agus Seansailéir na Gearmáine go gcuideodh banc spreagtha na Gearmáine, Kreditanstalt für Wiederaufbau (KfW), ar dtús báire chun earnáil GBM na hÉireann a mhaoiniú. As sin cruthaíodh Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) i mí Mheán Fómhair 2014 lena chinntiú go mbeadh fáil ag gnóthaí na hÉireann, amach anseo, ar mhaoiniú fadtéarmach, cobhsaí, ar chostas íseal. Ag tógáil ar an gcéad tairiscint mhaoinithe ó KfW, aimsíodh maoiniú freisin ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ó Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ).

Sna chéad oibríochtaí dá cuid tá CBSÉ dírithe ar rochtain a thabhairt do GBManna ar mhaoiniú fadtéarmach ar chostas íseal ó sholáthraithe airgid iltaobhacha agus ó acmhainní Stáit, agus leas a bhaint as an maoiniú sin ar bhealach a thacaíonn le hinfheistíocht tháirgiúil, a spreagann fás agus a éascaíonn fostaíocht san earnáil GBM. Féachann CBSÉ freisin le hiomaíochas a thiomáint sa mhargadh le haghaidh iasachtú GBM. D’fhonn na cuspóirí sin a sheachadadh, tá CBSÉ ag gníomhú trí bhainc agus trí institiúidí iasachtaithe, a thugann ar a n-uain, iasachtaí do GBManna agus, ar an mbealach sin, a chuireann buntáiste chostas íseal na gcistí atá á dtairiscint ar aghaidh. Leis an tsamhail oibríochta sin cuirtear iomaíochas chun cinn freisin i margadh na hÉireann le haghaidh maoiniú GBM trí iontráil agus fhás rannpháirtithe nua sa mhargadh a éascú.

Cinntítear le bunú CBSÉ go mbeidh institiúid in Éirinn chun maoiniú AE ó chomhlachtaí iltaobhacha amhail BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) a éascú. Mar an gcéanna, tá sé de bhuntáiste ag CBSÉ a bheith in ann dea-chaidrimh oibre a fhorbairt le bainc forbartha náisiúnta eile.

Is é straitéis CBSÉ tacaíochtaí éifeachtacha airgeadais a chur ar fáil do GBManna Éireannacha agus, de réir a chéile, d’earnálacha eile áit a dtagann teipeanna chun cinn i margadh creidmheasa na hÉireann, agus iomaíochas agus nuálaíocht a spreagadh ag an am céanna. Tá ról riachtanach ag CBSÉ ó thaobh margadh éifeachtach agus inbhuanaithe a athchóiriú le haghaidh maoiniú GBM in Éirinn agus tá ról níos leithne aige go fadtéarmach mar idirghabhálaí le haghaidh tacaíochtaí maoinithe an Stáit agus na hEorpa.