Bainistíocht Riosca

Tá sé mar aidhm ag CBSÉ riosca a bhainistiú ar bhealach eolasach agus réamhghníomhach, de réir a Creata Bainistíochta Riosca agus an Ráitis ar Ghoile Riosca, ar bhealach a fhágann go bhfuil an leibhéal riosca ag teacht leis an mbunghníomhaíocht ghnó agus go dtuigeann CBSÉ agus go bhfuil sí in ann tionchar riosca a bhainistiú nó a iompar má thagann sé chun cinn.

Róil agus Freagrachtaí

Tá an Bord freagrach as an ngoile riosca a leagan síos agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht bainistíochta riosca agus í a threorú ar fud CBSÉ. Tá an Coiste Iniúchta agus Riosca freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú Chreat Bainistíochta Riosca CBSÉ agus as a chinntiú go soláthraíonn samhail rialachais bainistíochta riosca CBSÉ leibhéil neamhspleáchais agus dúshláin atá iomchuí. Tuairiscíonn an Coiste Iniúchta agus Riosca don Bhord.

Trí Líne Chosanta

Tá Creat Bainistíochta Riosca CBSÉ bunaithe ar an tsamhail de thrí líne chosanta. Taobh istigh den tsamhail sin, tabhaíonn an fhoireann agus an lucht bainistíochta (an chéad líne) na rioscaí agus is leo féin iad, agus soláthraíonn feidhm riosca CBSÉ agus feidhmeanna rialaithe eile (an dara líne) maoirseacht neamhspleách agus dúshlán cuspóra don chéad líne chosanta, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar riosca agus é a rialú. Soláthraíonn an fheidhm Iniúchta Inmheánaigh (an tríú líne) deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe do phríomhpháirtithe leasmhara maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca CBSÉ, maidir le rialachas agus dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

Iniúchadh

De réir ceanglais reachtúla, déanann an tArd- Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar CBSÉ. Tá feidhm iniúchta inmheánaigh CBSÉ á bainistiú ag Ceannasaí an Iniúchta Inmheánaigh GBCN agus cuimsítear ann gnólacht seachtrach, KPMG faoi láthair, a ceapadh chun obair iniúchta inmheánaigh a dhéanamh agus é ag tuairisciú do Cheannasaí an Iniúchta Inmheánaigh.

Príomhrioscaí agus Neamhchinnteachtaí

Tá mionsonraí thíos maidir leis na príomhrioscaí agus na neamhchinnteachtaí atá os comhair na Cuideachta. Léiríonn na rioscaí sin luathchéim reatha d’fhorbairt CBSÉ.

Riosca Straitéiseach

Bíonn CBSÉ ag brath ar a táirge agus ar a straitéis maidir le hiasachtóirí ar aghaidh chun a cuspóirí maidir le maoiniú a thabhairt do GBManna a chomhlíonadh. Má theipeann uirthi a táirgí a struchtúrú go cuí agus straitéis iomchuí a úsáid chun iad sin a sheachadadh, tá an baol ann nach mbeidh iasachtóirí ar aghaidh rannpháirteach mar a ceapadh dóibh agus ní cheannóidh GBManna na táirgí tairgthe.

Riosca Creidmheasa

Tá CBSÉ nochta don bhaol go mainneoidh contrapháirtí iasachtaithe ar a oibleagáidí agus go dteipfidh air a fhiachas a aisíoc ina iomláine, rud a chruthaíonn caillteanais do CBSÉ.

Riosca Oibríochtúil

Tá CBSÉ nochta do raon leathan rioscaí oibríochtúla a eascraíonn ó na daoine, ó na córais agus ó na próisis a bhíonn i gceist chun a cuspóir a bhaint amach. I measc na bpríomhrioscaí oibríochtúla tá teipeanna i gcórais, earráidí próisis, a bheith ag brath rómhór ar dhaoine aonair tábhachtacha, teip nósanna imeachta a leanúint, earráidí a thuairisciú, etc., agus dá mbarr sin go léir d’fhéadfadh sé go dteipfeadh sa deireadh thiar ar CBSÉ a cuid cuspóirí a chomhlíonadh agus go ndéanfaí damáiste mór dá clú.

Riosca ó thaobh acmhainní a chur ar fáil

Is eagraíocht bheag í CBSÉ a bhíonn ag brath ar lucht gairme speisialtachta oilte chun a cuspóirí reachtúla a chomhlíonadh. Tá an baol ann nach mbeidh an taithí agus an saineolas iomchuí ag CBSÉ, rud a chiallódh go dteipfeadh uirthi a cuid cuspóirí a bhaint amach.