Ráiteas an Chathaoirligh

Tá dul chun cinn as cuimse déanta ag CBSÉ ó ritheadh a reachtaíocht rialaithe i mí Iúil 2014 agus ó bunaíodh í i mí Mheán Fómhair na bliana sin. Shocraíomar ár gcéad mhaoiniú faoi mhí Dheireadh Fómhair 2014 agus bhí ár gcéad táirge iasachta faoi lánseol againn faoi mhí Feabhra 2015. Leanamar ag obair ar an dul chun cinn sin i rith 2015 agus arís in 2016 ag soláthar sraith táirgí atá ceaptha chun freastal ar riachtanais ghnó GBManna agus ag tairiscint na dtáirgí sin trí raon éagsúil iasachtóirí ar aghaidh atá nuálach agus ar ardchaighdeán.

Bunaíodh CBSÉ chun caipiteal fadtéarmach ar chostas íseal a rochtain ó fhoinsí maoinithe iltaobhacha agus Stáit agus chun an caipiteal sin a scaoileadh amach chuig gnóthaí Éireannacha, GBManna go háirithe. Fuarthas amach sa ghéarchéim airgeadais gurb iad na GBManna cnámh droma an gheilleagair agus go bhfuil an tír ag brath go mór orthu mar chruthaitheoirí fostaíochta. Mar sin féin, léiríodh le linn na géarchéime freisin go bhfuil siadsan ag brath go mór ar chreidmheas ó bhainc. Mar gheall air sin teastaíonn bealach chun maoiniú a chur i dtreo mhargadh GBM na hÉireann a fhreagraíonn dá riachtanais agus a thacóidh leis, lena n-áirítear nuair a thagann cora chun donais sa mhargadh. Táimid ag féachaint ní amháin lena chinntiú go mbeidh creidmheas ar fáil ar théarmaí réasúnacha ach freisin táimid ag iarraidh dul i ngleic leis an bpréimh leanúnach ar chostas an mhaoinithe atá ar fáil do GBManna na hÉireann i gcomparáid le gnóthaí eile ar scála níos mó agus do GBManna eile na hEorpa. Tá sé mar aidhm againn tacaíochtaí éifeachtacha airgeadais a chur ar fáil do GBManna na hÉireann, agus iomaíochas agus nuálaíocht a spreagadh ag an am céanna.

I rith ár gcéad bhliana dhíríomar ar ár gcéad tráinsí maoinithe a fháil, agus chuireamar ár gcéad saoráidí iasachtaithe ar aghaidh i bhfearas agus d’fhorbraíomar ár sraith táirgí. Tá sé socraithe againn feidhmiú trí shamhail iasachtaithe ar aghaidh ina dtabharfar maoiniú mórdhíola ar chostas íseal do rannpháirtithe sa mhargadh GBM seachas a bheith ag gníomhú mar mhiondíoltóir sa mhargadh muid féin. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas solúbthacht a choinneáil, úsáid thapa na gcistí a éascú agus ár gcostais, agus ar deireadh na costais a ghearrtar ar GBManna, a choinneáil síos. Táimid ag obair chun plean éagsúil agus slán a thógáil d’iasachtóirí ar aghaidh, idir iasachtóirí bainc agus iasachtóirí neamhbhainc, d’fhonn iomaíochas a mhéadú agus d’fhonn iontrálaithe nua chun an mhargaidh a éascú. Is é ár n-aidhm margadh tráchtála atá ag feidhmiú a fhorbairt seachas ceann a fhaigheann tacaíocht ón Stát.

I ndiaidh ár gcéad chéime bunaithe chaitheamar roinnt ama i rith 2015 ag forbairt ár straitéise níos fadtéarmaí agus, go háirithe, ár gcuspóirí le haghaidh 2016 agus 2017. Tá na cuspóirí sin dírithe ar ár bhfís maidir le bheith mar institiúid airgeadais láidir le haghaidh spreagadh a thugann tacaíocht éifeachtach airgeadais do GBManna na hÉireann agus a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn.

Agus muid ag seachadadh ár gcuir chuige maidir lenár dtáirgí a sholáthar trí chomhpháirtithe ar iasachtóirí ar aghaidh iad, beidh sé mar phríomhchuspóir againn meascán maith d’iasachtóirí ar aghaidh ar ardchaighdeán agus plean d’iasachtóirí ar aghaidh nua a shocrú. I measc na gcuspóirí straitéiseacha eile atá againn tá ár gcumas maoinithe a fhás, tacú le cineálacha éagsúla maoinithe agus na tacaíochtaí éagsúla AE a aimsiú agus a sheachadadh ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad ábhartha, inúsáidte agus éifeachtach.

Forbraíodh ár gcuspóirí straitéiseacha bunaithe ar ár dtaithí i rith ár gcéad bhliana oibre agus, rud atá tábhachtach, ar na cainteanna a bhí againn le GBManna maidir leis na dúshláin agus ceanglais maoinithe atá acu féin. Creidim go bhfuil siad uaillmhianach ach go mbeimid in ann iad a bhaint amach. Tógfaidh siad ar an dul chun cinn suntasach atá déanta againn agus tabharfaidh siad na huirlisí do GBManna chun maoiniú a gcuid gnóthaí a bharrfheabhsú.

Ar chorprú dó i mí Mheán Fómhair 2014 bunaíodh CBSÉ le bord ar a raibh triúr comhaltaí. D’oibrigh an bord seo go dian dícheallach le hoibríocht nua-thionscanta mar a bhí ionainn ag an am chun ár socruithe maoinithe, ár gcaidrimh tosaigh le hiasachtóirí ar aghaidh, beartais agus nósanna imeachta maidir le cláir táirgí agus rialachas corparáideach a chur i bhfeidhm. Cuireadh seisear comhaltaí breise ar an mbord i mí an Mhárta 2015 rud a fhágann go bhfuil raon saineolais luachmhar i gcúrsaí creidmheasa agus i gcúrsaí gnó tríd is tríd san eagraíocht anois.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le mo chomhstiúrthóirí agus le foireann CBSÉ as a gcúnamh le CBSÉ a fhorbairt chomh tapa sin agus gnó feidhmiúil atá ag fás a dhéanamh de. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil go háirithe le mo réamhtheachtaí mar Chathaoirleach, John Corrigan, a bhí ina chathaoirleach ar CBSÉ ó ionchorpraíodh é i mí Mheán Fómhair 2014 go ndeachaigh sé ar scor mar Phríomhfheidhmeannach ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) i mí Eanáir 2015. Rinneamar dul chun cinn an-tapa inár gcéad bhliain iomlán oibre. Ní mór dúinn é a bheith mar chuspóir againn anois tógáil ar an éacht sin chun rannchuidiú go mór i ndáiríre leis an bhfáil atá ar chreidmheas inacmhainne do ghnóthaí agus d’fhorbairt gheilleagrach in Éirinn.

Conor O'Kelly

Cathaoirleach