Samhail Ghnó

Agus tacaíocht á tabhairt d’fhorbairt réimsí nua sa mhargadh, féachfaidh CBSÉ le margadh tráchtála feidhmiúil a fhorbairt seachas margadh a bheidh ag fáil tacaíochta ón Stát. De réir mar a rachaidh CBSÉ in aibíocht glacadh sí cur chuige fritimthriallach. Leis sin gearrfar siar ar oibríochtaí i margadh atá ag dul i neart, agus díreofar ar thimpeallachtaí níos laige.

Is é an chéad shamhail ghnó do CBSÉ ná feidhmiú mar institiúid airgeadais iasachtaithe ar aghaidh ina dtugtar maoiniú mórdhíola ar chostas íseal d’iasachtóirí ar aghaidh sa mhargadh GBM. Sula dtosaíonn comhpháirtithe seachadta nua i mbun oibre, déanann CBSÉ dícheall cuí beacht ar na heagraíochtaí sin agus ar dhaoine aonair tábhachtacha.

Fostaíonn CBSÉ foireann bheag, éifeachtúil d’ardchaighdeán d’fhonn an buntáiste is fearr a thabhairt do GBManna. Chuige sin úsáideann CBSÉ acmhainní Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN). Is fostaithe de chuid GBCN iad foireann CBSÉ agus sanntar don CBSÉ iad ach is í GBCN a sholáthraíonn formhór de sheirbhísí corparáideacha CBSÉ. Déanann CBSÉ aisíocaíocht do GBCN as soláthar na seirbhísí sin (costais na gcomhaltaí foirne san áireamh).