Athbhreithniú Gnó

Rinneadh CBSÉ a ionchorprú i mí Mheán Fómhair 2014 agus tá dul chun cinn suntasach déanta aici ina céad bhliain oibre in 2015, ag forbairt raon táirgí agus ag cur €751 milliún ar leataobh do chúig chomhpháirtíocht iasachtaithe ar aghaidh ar mhaithe le margadh GBM na hÉireann.

I mí Feabhra 2015 sheol CBSÉ a céad chlár táirgí, luach €400 milliún de mhaoiniú fadtéarmach ar chostas íseal do GBManna nuair a d’fhógair sí a comhpháirtíocht leis an dá institiúid baincéireachta is mó in Éirinn, Bainc- Aontas Éireann agus Banc na hÉireann. Ina dhiaidh sin, i mí Dheireadh Fómhair 2015, d’fhógair sí go raibh dhá iasachtóir ar aghaidh eile neamhbhainc, Merrion Fleet Management agus Finance Ireland, le cur leis sin, ag soláthar táirgí léasaithe feithiclí agus trealamh oifige.

I mí na Nollag 2015 rinne CBSÉ comhaontú leis an gcúigiú comhpháirtí iasachtaithe ar aghaidh, Banc Uladh. Agus trí cinn de na hinstitiúidí baincéireachta móra in Éirinn cláraithe anois chun maoiniú CBSÉ a sholáthar, tá ar chumas CBSÉ líonra brainse náisiúnta láidir a rochtain.

Le punann iasachtóirí ar aghaidh nua ionchasacha, fógróidh CBSÉ comhpháirtithe iasachtaithe ar aghaidh breise in 2016 de réir mar a chuirfidh sí leis an maoiniú a bheidh ar fáil do GBManna.

Faoi dheireadh na bliana 2015 bhí tacaíocht tugtha ag CBSÉ do bhreis is 4,600 GBM le luach €172 milliún de mhaoiniú. Bhí €145 milliún tugtha aici d’iasachtaí infheistíochta, €15.5 milliún d’iasachtaí caipitil oibre agus €11.5 milliún chun iasachtaí ó bhainc a bhí ag fágáil mhargadh na hÉireann a athmhaoiniú. Ba é an ráta úis ar an meán ar iasachtaí CBSÉ i rith 2015 ná 4.5%.

Bhí iasachtaí scaipthe go forleathan sna réigiúin éagsúla idir 19% san iardheisceart go dtí 7% i lár na tíre. Ba í an talmhaíocht an earnáil ba mhó a fuair tacaíocht ó CBSÉ in 2015 tráth a ndeachaigh 26% den mhaoiniú iomlán i dtreo na hearnála sin agus gar dó sin bhí an earnáil mórdhíola agus miondíola le 16% de na cistí iomlána.

FAIGHTEOIRÍ IASACHTAÍ CBSÉ