Léirmheas an Phríomhfheidhmeannaigh

Nuair a tosaíodh ag tabhairt iasachtaí amach i mí an Mhárta 2015 ba léiriú é sin go raibh deireadh tagtha le céim thionscanta thapa CBSÉ agus go mbeadh tionchar aici as sin amach ar an margadh maoinithe GBM in Éirinn. Tá gaisce déanta de réir a chéile againn ó shin i leith. Faoi dheireadh na bliana bhí os cionn 4,600 iasacht CBSÉ tarraingthe síos ag gnóthaí Éireannacha ag léiriú €172 milliún i maoiniú ar chostas níos ísle le móramh mór na ngnóthaí ag fáil iasachtaí chun críche infheistíochta. Is díol misnigh dúinn an chaoi a bhfuil ár gcuid táirgí ag dul i gcion ar áit an mhargaidh agus iasachtaí CBSÉ ag tarraingt airde agus á nglacadh thar réimse leathan gnóthaí san earnáil, agus iad ag méadú gach ráithe. Níos tábhachtaí fós, thacaigh iasachtaí CBSÉ le 17,000 post san earnáil GBM in 2015.

Ba é ár gcéad tosaíocht nuair a bunaíodh muid i mí Mheán Fómhair 2014 ná foinsí slána maoinithe fhadtéarmaigh, ar chostas íseal a chur i bhfeidhm chun tacú lenár gcuspóir maoinithe. Chuige sin fuaireamar saoráidí maoinithe tosaigh arbh fhiú €790 milliún ar an iomlán iad ón mbanc forbartha Gearmánach KfW, ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus, faoi threoir Aireachta, ó Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann. Rud a bhí thar a bheith tábhachtach, chinntíomar go gcuirtear an buntáiste maoinithe a d’éirigh linn a bhaint amach sna socruithe maoinithe sin, seachas costais a aisghabháil, ar aghaidh chuig an GBM deiridh. Tá sé sin scríofa isteach sna socruithe iasachta atá againn lenár gcomhpháirtithe ar iasachtóirí ar aghaidh iad agus déantar dlúth-mhonatóireacht orthu.

In 2015 thugamar €751 milliún ar an iomlán i bhfoirm iasachtaí do chúig chomhpháirtí iasachtaithe ar aghaidh ar mhaithe le margadh GBM na hÉireann. Is institiúidí baincéireachta bunaithe iad trí cinn dár gcomhpháirtithe iasachtaithe ar aghaidh, AIB, Banc na hÉireann agus Banc Uladh, agus is soláthraithe maoinithe neamhbhainc iad an péire eile, Finance Ireland agus Merrion Fleet. Nuair a tugadh isteach dhá iasachtóir ar aghaidh nua neamhbhainc iad ag tairiscint maoiniú speisialtachta ba é sin an chéad uair a rinne CBSÉ iarracht iomaíochas a mhéadú sa mhargadh agus tá obair mhór déanta chun earnáil airgeadais GBM a atógáil.

Is saintréith de mhargadh na hÉireann é go bhfuil GBManna ag brath níos mó ar bhainc ná mar atá GBManna i dtíortha eile agus tá sé tábhachtach go mbeidís ar an eolas faoi líon méadaithe na roghanna maoinithe neamhbhainc atá ag teacht chun cinn.

Níos ginearálta fós, tá GBManna na hÉireann ag íoc níos mó ar iasachtaí ná mar atá gnóthaí den chineál céanna ar fud na hEorpa. Sa CBSÉ táimid ag iarraidh dul i ngleic leis sin agus iomaíochas a thiomáint trí roghanna nua maoinithe ar chostas íseal, nach bhfuil díobhálach do GBManna, a thabhairt isteach sa mhargadh atá á soláthar ag institiúidí bainc agus neamhbhainc araon. Tá sé tábhachtach, agus iad ar thóir maoiniú, go bhféachfadh GBManna ar a lán roghanna ach nach gcailleann siad amach i ngan fhios dóibh féin ar mhaoiniú nuálach, ar chostas íseal a chuideodh leo a ngnó a fhás. Tá ról lárnach ag rochtain ar mhaoiniú ó thaobh athshlánú an gheilleagair agus cruthú post a spreagadh chun cinn, agus táimid tiomanta do chinntiú go mbeidh an t-eolas ag GBManna ar fud na tíre ar conas maoiniú ar chostas níos ísle a rochtain.

Ar an réimse eile ar díríodh air in 2015 bhí forbairt ár raon táirgí ionas go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais ghnó GBManna. I measc ár gcéad sraith táirgí tá iasachtaí infheistíochta agus i gcomhair caipitil oibre, athmhaoiniú na n-iasachtaí bainc atá againn cheana, iasachtaí infheistíochta talmhaíochta agus saoráidí léasaithe agus fruilcheannaigh. Táimid ag obair ar an raon táirgí sin a leathnú in 2016.

Sna chéad mhíonna de 2016 tá tógtha againn ar an dul chun cinn suntasach a rinneamar in 2015 agus an séú hiasachtóir ar aghaidh aimsithe againn, First Citizen, rud a thugann ár dtiomantas iasachta iomlán go €791 milliún. Tá plean slán d’iasachtóirí ionchasacha ar aghaidh againn freisin agus táimid ag obair chun maoiniú breise a chur i bhfeidhm ag teacht le fás ár ngnó.

Le bheith éifeachtach, ní mór do CBSÉ feasacht maidir lena branda agus táirgí a fhorbairt i measc GBManna. Chuige sin seoladh feachtas feasachta poiblí ina n-úsáidtear meascán meán raidió, clóite agus ar líne i mí Feabhra 2015. Cé go ndearnadh dul chun cinn maith sa mhéadú feasachta faoi CBSÉ in 2015, leanfar den fheachtas in 2016 ag cur le tionchar náisiúnta an fheachtais in 2015 agus beidh fócas níos réigiúnaí aige an uair sin. Cuid ríthábhachtach den fheachtas is ea líonrú ag imeachtaí GBM agus d’fhreastalaíomar ar os cionn 100 imeacht ar fud na hÉireann in 2015 ag déanamh taispeántas, ag cur i láthair agus agus ag éisteacht leis na mílte GBM.

Sa tréimhse ó bunaíodh muid an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 31 Nollaig 2015 rinne CBSÉ caillteanas oibríochta de €3.73 milliún. Tharla sé sin mar gheall ar an mbearna idir an tréimhse a ndeachamar i mbun oibre go hiomlán i bhfómhar 2014 agus nuair a ghineamar ioncam nuair a tháinig ár bpáirtithe iasachtaithe ar aghaidh ar bord linn agus nuair a tosaíodh ag tarraingt síos cistí. Ar bhonn níos fadtéarmaí, is é ár sprioc airgeadais ár gcostais a chlúdach agus seachas sin rátaí iasachta laghdaithe do GBManna a dhéanamh dár mbuntáiste airgeadais seachas brabúis a charnadh. Tá luach €10 milliún de chaipiteal tugtha ag an Aire Airgeadais do CBSÉ. Má shocraíonn an bord go dteastóidh tuilleadh gnáthscaireanna chun a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh, féadfaidh sé tuilleadh scaireanna a eisiúint don Aire suas go dtí luach nach mó ná scairchaipiteal údaraithe an CBSÉ de €250 milliún.

Ina ráiteas, tagraíonn an Cathaoirleach don obair a rinneamar ag forbairt ár straitéise le haghaidh 2016 agus 2017 agus tá tuilleadh sonraí maidir leis sin leagtha amach i gcorp na tuarascála seo. Is rímhaith a thuigimid go bhfuilimid ag feidhmiú i dtimpeallacht ina bhfuil dúshláin i gcónaí os comhair GBManna na hÉireann atá ag iarraidh maoiniú agus creidmheas a aimsiú, go háirithe iasachtaithe beaga. Cé go gcreidim go bhfuil go leor bainte amach ag CBSÉ in achar ama an-ghairid, is saincheist mhór i gcónaí é creidmheas inrochtana ar chostas níos ísle a sholáthar do GBManna agus ní mór aghaidh a thabhairt ar an gceist sin má táthar chun cumas geilleagrach agus fostaíochta earnáil na GBM a bhaint amach.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas an Bhoird, d’fhoireann CBSÉ agus d’fhoireann GBCN ar éirigh leo an oiread sin dul chun cinn a dhéanamh ó bunaíodh muid. Ba mhaith liom ár mórbhuíochas a ghabháil freisin as an tacaíocht láidir a fuair CBSÉ i rith phróiseas a bunaithe agus a céad bhliana i mbun oibre ón Aire Airgeadais, ón Roinn Airgeadais agus ón iliomad páirtithe leasmhara laistigh den rialtas agus ar fud phobal na GBManna.

Tá GBManna ag tabhairt le fios go dtarlóidh fás agus leathnú in 2016. Táimid dírithe ar thacú leis an bhfás sin trí thógáil ar an ngaisce atá déanta go dtí seo le maoiniú méadaithe agus raon iasachtóirí ar aghaidh agus táirgí CBSÉ níos éagsúla agus le hiomaíochas níos mó laistigh den earnáil.

Nick Ashmore
An Príomhfheidhmeannach