Iasachtú

Faoi dheireadh 2015 bhí comhpháirtíochtaí curtha ar bun ag CBSÉ le cúig iasachtóir ar aghaidh a sholáthraíonn raon táirgí do GBManna (Bainc- Aontas Éireann, Banc na hÉireann, Merrion Fleet, Finance Ireland agus Banc Uladh). Leanann CBSÉ ag obair ar chomhpháirtíochtaí breise a thógáil d’fhonn éagsúlacht níos mó roghanna iomaíocha maoinithe a sholáthar do GBManna.

  • Banc na hÉireann: €200 milliún – iasachtaí infheistíochta agus caipiteal oibre do GBManna.
  • Bainc-Aontas Éireann: €400 milliún – iasachtaí infheistíochta agus caipiteal oibre do GBManna.
  • Merrion Fleet: €25 milliún – Fruilchonradh feithiclí agus bainistiú flít GBM.
  • Finance Ireland: €51 milliún – táirgí léasaithe feithiclí GBM.
  • Banc Uladh: €75 milliún – iasachtaí infheistíochta agus caipiteal oibre do GBManna.