Stiúrthóirí

1. Conor O'Kelly | Cathaoirleach

Ceapadh é i mí Eanáir 2015 agus athcheapadh é ar feadh téarma trí bliana ó mhí an Mhárta 2015

Ceapadh Conor O’Kelly ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) i mí Eanáir 2015. Bhí sé ina Leaschathaoirleach ar Investec Holdings (Ireland) Ltd. tráth den saol. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar NCB Group agus in 2003 bhí sé i mbun cainteanna trínar éirigh leo bainistíocht an chomhlachta a cheannach amach, agus fuair Investec cpt é ina dhiaidh sin. Sula ndeachaigh sé ag obair le NCB mar Cheannasaí Ioncaim Sheasta bhí 11 bhliain caite ag Conor le Barclays Capital, áit a raibh poist bhainistíochta sinsearaí aige agus d’oibrigh sé i Londain, i dTóiceo agus i Nua-Eabhrac. Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é agus tá céim mháistreachta aige ó Ollscoil Senshu sa tSeapáin.

2. Nick Ashmore | Príomhfheidhmeannach

Comhalta de bhrí oifige

Is é Nick Ashmore Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CBSÉ. Sular ghlac sé leis an ról sin bhí sé ina Stiúrthóir Tionscadal i rith chéim bhunaithe CBSÉ. Thosaigh Nick ag obair in GBCN in 2006 mar chuid den fhoireann a bhí ag bainistiú an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, áit ar fhónaimh sé mar Cheannasaí ar Chothromas Príobháideach agus Bonneagar sula ndearnadh Leas-Stiúrthóir dó in 2011. Sular thosaigh sé ag obair in GBCN, bhí Nick ina bhainisteoir infheistíochta le Greenaap Consultants Limited, oifig theaghlaigh phríobháideach. Is céim de chuid Ollscoil Obar Dheathain é agus ball d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Albain.

3. Barbara Cotter

Ceapadh í i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma ceithre bliana Comhalta den Choiste Iniúchta agus Riosca

Bhí Barbara Cotter ina Comhpháirtí ag A&L Goodbody ar feadh breis is 20 bliain. I rith a cuid ama mar dhlíodóir baincéireachta, thug Barbara tacaíocht do GBManna na hÉireann agus thug sí comhairle d’iasachtóirí agus d’infheisteoirí an phobail GBM. Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í agus comhalta de Bhinse Fiosrúcháin Smachta na nAturnaetha.

4. Tom McAleese

Ceapadh é i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma ceithre bliana Cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca

Tá Tom McAleese ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Alvarez & Marsal, an Ríocht Aontaithe agus ina Cheannasaí ar chleachtas Athstruchtúrú na mBanc san Eoraip agus os cionn 25 bliana taithí aige i gcúrsaí seirbhísí airgeadais. Sula ndeachaigh sé ag obair in Alvarez and Marsal, bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar feadh cúig bliana ag Barclays Bank Ireland cpt. D’oibrigh sé roimhe sin le ABN AMRO Bank, áit a raibh poist shinsearacha aige agus le GPA Group cpt agus KPMG. Is Comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte é Tom, Comhalta d’Institiúid na mBaincéirí agus ball den American Institute of Certified Public Accountants. Tá sé ina Uachtarán ar Alumni Gnó Choláiste na Tríonóide faoi láthair agus ina chathaoirleach iniúchta ar Chumann Lucht Trádála Bhaile Átha Cliath.

5. Rosheen McGuckian

Ceapadh í i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma cúig bliana

Tá Rosheen McGuckian ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Grúpa ar NTR cpt. Tá taithí fhorleathan aici mar fheidhmeannach sinsearach san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí in Greenstar, GE Capital agus ESB. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í agus tá céim mháistreachta aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

6. Ann Nolan

Ceapadh í i mí Mheán Fómhair 2014 agus athcheapadh í ar feadh téarma trí bliana ó mhí an Mhárta 2015

Is í Ann Nolan an Dara hArd-Rúnaí sa Roinn Airgeadais, agus is í atá freagrach mar Leas-Cheannasaí na Roinne agus mar Cheannasaí ar an Stiúrthóireacht Seirbhísí Airgeadais. D’oibrigh Ann sa Roinn Airgeadais le 30 bliain anuas agus tá taithí mhór aici ar cheapadh beartas agus ar fhorbairt straitéisí i réimsí cánachais, rialaithe caiteachais, baincéireachta agus seirbhísí airgeadais.

7. AJ Noonan

Ceapadh é i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma ceithre bliana

Is é AJ Noonan bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta Rhonellen Developments. Bhunaigh sé agus bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta roimhe sin ar Noonan Recruitment agus Professional Placement Group. Is é AJ an Cathaoirleach ar Chomhlachas na nGnólachtaí Beaga i láthair na huaire. Is céimí de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é.

8. Richard Pelly

Ceapadh é i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma cúig bliana

Bhí Richard Pelly ina Phríomhfheidhmeannach ar an gCiste Eorpach Infheistíochta tráth. Bhí sé ina bhall d’fhoireann bainistíochta GE Capital san Eoraip roimhe sin agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ag Lloyds TSB. Is céimí de chuid Ollscoil Durham é agus ball d’Institiúid na mBaincéirí.

9. Eilis Quinlan

Ceapadh í i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma cúig bliana Comhalta den Choiste Iniúchta agus Riosca

Tá a cleachtas cuntasaíochta agus iniúchta féin ag Eilis Quinlan le 20 bliain anuas. Faoi láthair tá sí ina Stiúrthóir ar Chomhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann agus bhí sí mar Chathaoirleach air roimhe seo. Ó 2011 i leith is í Eilis ionadaí na hÉireann ar Fhóram Domhanda Chomhlachas na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe le haghaidh GBManna. Déanann sí ionadaíocht freisin ar an gComhlachas ar Chónaidhm Chuntasóirí na hEorpa sa Bhruiséil. Is céimí de chuid Cholaiste Griffith, Baile Átha Cliath í Eilis agus Ánra den Chomhlachas.