23. Nochtadh leasa

Is comhlacht forordaithe poiblí í CBSÉ chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001. Tá ceanglais maidir le nochtadh leasa freisin ar Stiúrthóirí faoi Acht na gCuideachtaí 2014, faoi Airteagail Chomhlachais na Cuideachta agus faoin gCód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit. Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag CBSÉ chun cuidiú le Stiúrthóirí a n-oibleagáidí maidir le nochtadh leasa a chomhlíonadh i rith na tréimhse arna athbhreithniú.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >