3. Meastacháin agus breithiúnais chuntasaíochta criticiúla

Éilíonn ullmhú na ráiteas airgeadais i gcomhréir le IFRS go n-úsáidtear na meastacháin agus na toimhdí a théann i bhfeidhm ar mhéideanna tuairiscithe na sócmhainní agus na ndliteanas. Measúnaítear meastacháin agus breithiúnais go leanúnach agus tá siad bunaithe ar roinnt tosca eile, lena n-áirítear ionchais maidir le teagmhais amach anseo a chreidtear a bheith réasúnach sna himthosca.

Creideann an lucht bainistíochta go bhfuil na toimhdí bunúsacha a úsáidtear cuí agus go léirítear go cothrom an staid airgeadais agus na torthaí airgeadais i ráitis airgeadais na Cuideachta. Cuirtear síos ar réimsí lena mbaineann leibhéal níos airde breithiúnais nó castachta, nó ar réimsí ina bhfuil toimhdí agus meastacháin tábhachtach do na ráitis airgeadais thíos:

3.1 Measúnú ar bhearnú iasachta

Déanann an Chuideachta athbhreithniú ar a punann iasachtaí agus infháltas i leith bearnú uair sa bhliain ar a laghad. Agus í ag cinneadh ar cheart go dtaifeadfaí caillteanas bearnaithe sa ráiteas ioncaim ag an dáta tuairiscithe, déanann CBSÉ breithiúnais am bhfuil aon fhaisnéis inbhraite ann a léiríonn fianaise ar bhearnú ar dóigh di a bheith ina cúis le moill intomhaiste ar uainiú nó laghdú ar mhéideanna inréadaithe an tsreafa mheasta airgid amach anseo nó nach bhfuil.

Déanann CBSÉ measúnú ar gach iasacht go haonarach ag deireadh na bliana airgeadais agus comhlánaíonn sí tuairisc ghairid, agus aird chuí ar rátáil chreidmheasa gach contrapháirtí (má tá rátáil acu), stair íocaíochta agus feidhmíocht na hiasachta, comhlíonadh cúnant, luach cúlbhannaí bunúsacha, coinníollacha margaidh agus timpeallacht gheilleagrach. Déanann lucht bainistíochta CBSÉ athbhreithniú agus faomhadh ar an measúnú, lena n-áirítear an Ceannasaí Riosca agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin.

Ós rud é go mbaineann breithiúnas an lucht bainistíochta le meastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht na dteagmhas amach anseo, d’fhéadfadh torthaí iarbhír bheith difriúil ó na meastacháin sin, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar mhéideanna tuairiscithe na sócmhainní agus na ndliteanas amach anseo.

3.2 Aithint ioncaim ar iasachtaí agus infháltais

Leagtar amach i Nóta 4.7 beartas cuntasaíochta d’aithint an ioncaim úis d’iasachtaí agus d’infháltais.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >