12. Bainistíocht Riosca

Tá sé mar aidhm ag an gCuideachta a bheith feasach ar riosca agus a rioscaí a bhainistiú go gníomhach. Mar gheall ar na gníomhaíochtaí ríthábhachtacha a rinne an eagraíocht agus í a bheith ag brath ar a dea-cháil, leagtar béim láidir ar raon cuí rialuithe.

Tá sé mar aidhm ag CBSÉ rioscaí a bhainistiú ar bhealach eolasach agus réamhghníomhach, de réir a goile riosca, ar bhealach a fhágann go bhfuil an leibhéal riosca ag teacht leis an mbunghníomhaíocht ghnó agus go dtuigeann CBSÉ agus go bhfuil sí in ann tionchar riosca a bhainistiú nó a iompar má thagann sé chun críche.

Is iad na príomhchatagóirí rioscaí a shainaithníonn agus a bhainistíonn an Chuideachta ina cuid gnó laethúil agus a bhfuil de chumas aige an tionchar ba mhó a bheith ar ráitis airgeadais na Cuideachta, riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca margaidh.

Creat um Bainistíocht Riosca

Tá an Bord freagrach as an ngoile riosca a leagan síos agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht bainistíochta riosca agus í a threorú ar fud CBSÉ. Shainordaigh an Bord go gcomhtháthófaí agus go leabófaí bainistíocht riosca i dton agus i gcultúr CBSÉ.

Tá an Coiste Iniúchta agus Riosca freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar forfheidhmiú Chreat Bainistíochta Riosca CBSÉ. Déanfaidh an Coiste Iniúchta agus Riosca iarracht a chinntiú go soláthraíonn samhail rialachais bainistíochta riosca CBSÉ leibhéil neamhspleáchais agus dúshláin atá iomchuí. Tuairiscíonn an Coiste Iniúchta agus Riosca don Bhord go neamhspleách.

Feidhmíonn Creat Bainistíocht Riosca CBSÉ de réir na bprionsabal a leagtar amach sa Chód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit.

Braitheann CBSÉ ar na seirbhísí a chuireann GBCN ar fáil do ghnéithe áirithe den bhainistíocht riosca, eadhon:

  • bainistíocht leanúnachas gnó;
  • seirbhísí comhlíonta agus dlí;
  • bainistíocht riosca creidmheasa contrapháirtí chun críocha bainistíocht airgid
  • Seirbhísí iniúchta inmheánaigh
An Chéad Líne Chosanta:

Tá lucht bainistíochta CBSÉ freagrach as bainistíocht laethúil riosca agus as a chinntiú go mbíonn rialuithe dóthanacha i bhfeidhm agus ag feidhmiú i gceart. Tuairisceoidh an lucht bainistíochta maidir le bainistíocht riosca chuig an gCoiste Iniúchta agus Riosca. Seo a leanas na príomhchéimeanna a úsáidtear sa phróiseas um bainistíocht riosca:

  • Sainaithin na rioscaí ar fad a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar CBSÉ ag baint amach na gcuspóirí arna mbunú ag Bord agus ag lucht bainistíochta CBSÉ, nó sin a chosc (ag cur aon teagmhais stairiúla/neasteagmhais a d’fhéadfadh baint amach na gcuspóirí sin a bhagairt san áireamh);
  • I gcomhair gach riosca, cinn a thionchar tosaigh agus dóchúlacht a tharlaithe;
  • I gcomhair gach riosca, cinn cibé ar féidir glacadh leis an riosca nó an mbeidh gá é a aistriú, a laghdú nó a sheachaint;
  • I gcomhair gach riosca, d’ainneoin a thionchair nó dhóchúlacht a tharlaithe, cuir na gníomhartha san áireamh chun riosca a laghdú;
  • Athbhreithnigh tionchar iarmharach/dóchúlacht tarlaithe agus go ríthábhachtach stádas an riosca i bhfianaise na ngníomhartha/rialuithe/maolaitheoirí curtha i bhfeidhm;
  • Athbhreithnigh agus monatóir gníomhartha maolaithe ar bhonn leanúnach.
Dara Líne Chosanta:

Tugann feidhm Riosca CBSÉ agus feidhm Chomhlíonta GBCN dúshlán agus forbhreathnú neamhspleách chun forfheidhmiú Chreat um Bainistíocht Riosca CBSÉ a chinntiú.

Tríú Líne Chosanta:

Is í an fheidhm Iniúchta Inmheánaigh an tríú líne chosanta agus soláthraíonn sí deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca CBSÉ, maidir le rialachas agus dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

12.1 Riosca creidmheasa

Is é riosca creidmheasa an riosca go dtabhófaí caillteanas airgeadais mar thoradh ar mhainneachtain nó imirce creidmheasa contrapháirtí chuig idirbheart áirithe. D’fhonn a príomhchuspóirí a bhaint amach agus a sainordú a chomhlíonadh, is gá do CBSÉ leibhéal áirithe de riosca creidmheasa a ghlacadh. Mar phrionsabal bunúsach, déanfaidh CBSÉ iarracht é sin a dhéanamh ar bhealach stuama a ghlacann leis an íosleibhéal riosca creidmheasa chun a cuspóirí a bhaint amach, atá de réir Ráiteas CBSÉ um Ghoile Riosca Creidmheasa. Eascraíonn riosca creidmheasa as teipeadh féideartha iasachtóra ar aghaidh chun a dhualgais chonartha a chomhlíonadh leis an gCuideachta. Eascraíonn príomhriosca creidmheasa CBSÉ ó fheidhmíocht a hiasachtóirí ar aghaidh.

Is é riosca creidmheasa an riosca is tábhachtaí maidir le gnó na Cuideachta. Dá bhrí sin, bainistíonn an Chuideachta go cúramach a nochtadh i leith riosca creidmheasa. Déantar tomhas, measúnú agus rialú ar riosca creidmheasa do gach idirbheart nó teagmhas creidmheasa a dhéanann an Chuideachta.

Déanann CBSÉ iarracht a nochtadh le riosca creidmheasa a íoslaghdú trí thabhairt faoi phróiseas fairsing díchill chuí roimh aon chinntí iasachtaithe. Áirítear i bpróiseas um bainistíocht riosca creidmheasa na Cuideachta na nithe seo a leanas:

Faomhadh frithgheallta
  • measúnú cuimsitheach ar gach iasachtóir ar aghaidh ionchais, a bhainistíocht, chumas oibríochtúil, thaithí foscríofa creidmheasa, fheidhmíocht airgeadais, bhainistíocht riosca, chórais, thairiscint táirge agus chuma aisíocaíochta;
  • cuairteanna ar an suíomh agus cruinnithe duine le duine le bainistíocht;
  • measúnú ar fheidhmíocht airgeadais an iasachtóra ar aghaidh ionchais trí thagairt don fhaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear cuntais iniúchta, cuntais bhainistíochta agus meastacháin airgeadais;
  • anailís ar chumas aisíocaíochta iasachtóra ar aghaidh, lena n-áirítear léiriú soiléir agus réasúnach ar chumas iasachtóra ar aghaidh a dhualgais a shásamh agus fiacha CBSÉ a chomhlíonadh ina n-iomláine;
  • athbhreithniú riosca neamhspleách agus ceadú Cheannasaí Riosca CBSÉ le haghaidh gach iasachtóra ar aghaidh féideartha;
  • slándáil chuí a fháil do gach iasachtóir ar aghaidh agus, nuair is infheidhmithe, cineálacha breise slándála d’institiúidí airgeadais neamhbhainc;
  • tá gach ceart creidmheasa forchoimeádta ag an mBord.
Monatóireacht agus rialú
  • monatóireacht leanúnach agus athbhreithniú ar áiseanna creidmheasa;
  • athbhreithniú rialta ar chomhlíonadh na gcúnant agus na ngealltanas gabháltais faoi seach, agus aon téarmaí agus coinníollacha arna gcur i bhfeidhm ag CBSÉ;
  • measúnú ar riachtanais cúlbhannaí i gcomhthéacs roinnt tosca lena n-áirítear láidreacht airgeadais an iasachtóra ar aghaidh.

Is ionann an t-uasnochtadh do riosca creidmheasa do shócmhainní airgeadais ag a bhfuil riosca creidmheasa ag an 31 Nollaig 2015 agus €356.3 milliún. Cuirtear an t-uasnochtadh sin do riosca creidmheasa i láthair trí aicme na hionstraime airgeadais thíos:

2015
€000
Iasachtaí agus Infháltais 235,603
Airgead agus Coibhéisí Airgid 120,642
Sócmhainní eile 96
356,341

Leagtar amach sa tábla thíos cáilíocht chreidmheasa shócmhainní airgeadais na Cuideachta. Tá an anailís bunaithe ar rátálacha Standard & Poor nuair is infheidhmithe.

2015
€000
AAA 114,999
A 5,643
BBB- to BB+ 235,603
Gan rátáil 96
356,341

12.2 Riosca leachtachta

Is ionann riosca leachtachta agus an riosca a bhaineann le neamhábaltacht na Cuideachta gach ceann dá hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh mar agus nuair a bhíonn siad dlite. Is é sin an riosca caillteanais a eascraíonn as cás nach mbeidh dóthain airgid ann chun oibríochtaí laethúla a mhaoiniú.

Áirítear le próiseas bainistíochta riosca leachtachta na Cuideachta:

  • Bainistíocht maoinithe laethúil, lena n-áirítear monatóireacht ar shreafaí ionchais airgid amach anseo, e.g. ceangaltais iasachta amach anseo, chun a chinntiú go bhféadtar riachtanais a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite.
  • Bainistíocht sócmhainní agus dliteanas; trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an bpróifíl aibíochta laistigh de Ráiteas na Cuideachta maidir leis an Staid Airgeadais chun a chinntiú go gcoimeádtar acmhainní leordhóthanacha airgid agus/nó go mbunaítear maoiniú i gcásanna gur dócha go dtarlóidh mí-oiriúnuithe, rud a íoslaghdóidh tionchar an eis-sreafa leachtachta.
  • A riosca leachtachta a bhainistiú trí phróifíl aibíochta a sócmhainní agus dliteanais a ailíniú, a mhéad agus is indéanta, chun riosca athmhaoinithe a dhíbirt a mhéad agus is féidir. Faigheann CBSÉ maoiniú fadtéarma ar ráta comhlúthach óna maoinitheoirí, agus nuair is féidir cuireann sí struchtúir ar éirim agus ar sceideal aisíocaíochta a hiasachtaí chun an phróifíl aibíochta mhaoinithe sin a léiriú.
  • Maolán leachtachta airgid a chothabháil le dul i ngleic le haon riachtanais leachtachta ghearrthéarma a thiocfadh chun cinn.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar dháta na méideanna conarthacha a chuireann dualgas ar an gCuideachta chun aisíocaíochtaí a dhéanamh ar iasachtaí atá aici. Cuirtear na méideanna i láthair anseo go gan lascaine. Áirítear dliteanais eile €428k ann freisin.

Nach moille ná
1 bhliain
€000
1-5 bliana
€000
Thar 5 bliana
€000
Iomlán
€000
Aisíocaíochtaí dlite 937 98,497 266,174 365,608

12.3 (a) Riosca margaidh

Is é atá i gceist le riosca margaidh an riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid amach anseo ionstraime airgeadais de bharr athruithe ar phraghsanna an mhargaidh. Tá riosca margaidh comhdhéanta de thrí chineál riosca: riosca airgeadra, riosca ráta úis agus riosca praghais eile. Eascraíonn rioscaí margaidh ó shuíomhanna oscailte i dtáirgí ráta úis nó airgeadra, atá nochta i leith gluaiseachtaí ginearálta agus sonracha margaidh, agus i leith athruithe ar leibhéal luaineachta rátaí úis.

Riosca Ráta Úis

Tá an Chuideachta nochta i leith riosca margaidh ar a cuid iasachtaí agus infháltas agus hairgead agus coibhéisí airgid. Nuair is féidir, léiríonn áiseanna iasachtaithe CBSÉ próifíl riosca ráta úis na gcomhaontuithe iasachtaithe bunúsacha d’fhonn eachtraí neamhréirí ráta úis ábhartha a íoslaghdú. Aithneoidh agus déanfaidh CBSÉ monatóireacht agus bainistiú ar aon riosca iarmharach.

Mar gheall go bhfuil próifíl riosca reatha CBSÉ do mhaoiniú agus iasacht ar aghaidh ar bhonn ráta comhlúthach sé mhí, áfach, tá a nochtadh do riosca ráta úis teoranta. Seach-chuirtear go mór aon mhíréirí a eascraíonn mar go n-athshocraítear rátaí úis. I gcás míréir athshocraithe mór nó i gcás nach ionann bunúis na socruithe, lorgóidh CBSÉ na seasaimh sin a fhálú.

Leagtar amach thíos na méideanna atá nochta do riosca ráta úis amhail an 31 Nollaig 2015:

Sócmhainní Airgeadais 2015
€000
Airgead agus coibhéisí airgid 120,642
Iasachtaí agus infháltais 235,603
356,245
Dliteanais airgeadais
Maoiniú agus iasachtaí 350,148
Riosca Airgeadra

Níl CBSÉ nochta go díreach do riosca airgeadra, mar go bhfuil a gníomhaíochtaí maoinithe agus iasachta ar fad in euro.

12.3 (b) Tomhas riosca margaidh

Íogaireacht riosca ráta úis

Ní gá go léiríonn eolas a sholáthraítear san anailís íogaireachta an t-athrú iarbhír ar luach cóir a thabhódh an Chuideachta faoi ghnáthchoinníollacha margaidh mar, de bharr teorainneacha praiticiúla, coimeádtar gach athróg, seachas an toisc shonrach riosca margaidh, seasmhach.

Léirítear sa tábla seo a leanas an íogaireacht ráta úis a eascraíonn as méadú nó laghdú de 50 bonnphointe ar ús, faoi réir ráta íosta úis de 0 faoin gcéad. Tomhaistear an riosca seo mar thionchar an ghlanluacha reatha, ar an Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais, ar an athrú sin ar rátaí úis. Bogann an anailís gach ráta úis do gach iasacht an méid céanna go comhuaineach. Tá na rátaí úis leagtha síos amhail an 31 Nollaig 2015. Cuirtear san áireamh sna figiúirí an tionchar a bhí ag na hiasachtaí infhaighte agus iníoctha araon.

Anailís Íogaireachta Ráta Úis – bogadh 50bp
+50bp
€000
-50bp
€000
Ús infhaighte (370) 374
+50bp
€000
-50bp
€000
Ús iníoctha 702 (707)

Níl na híogaireachtaí ráta úis siméadrach mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear próifíl aibíochta na punainne agus dátaí íocaíochta úis na n-iasachtaí. Bainistítear próifíl aibíochta na punainne go gníomhach agus athróidh sí le himeacht aimsire.

12.4 Bainistíocht caipitil

Níl an Chuideachta faoi réir riachtanais chaipitil arna gcur i bhfeidhm go seachtrach. Tá an Chuideachta tiomanta do chinntiú go bhfuil dóthain caipiteal aici mar go bhfuil riosca ann nach mbeadh an Chuideachta in ann aon chaillteanais chreidmheasa féideartha a iompar mar gheall ar bhainistíocht mhíchuí ar a caipiteal. Is ionann scairchaipiteal reatha íoctha CBSÉ agus €10m, a chuir scairshealbhóir aonair CBSÉ, an tAire Airgeadais, ar fáil. Anuas air sin, tá caipiteal inghlaoite €240 milliún ar fáil do CBSÉ ar féidir léi a ghlaoch dá lánrogha ón Aire Airgeadais, arna fhoráil in Acht CBSÉ 2014.

Áirítear le próiseas um bainistiú riosca caipitil na Cuideachta cloí leis na riachtanais faoi leordhóthanacht caipitil i Ráiteas um Ghoile Riosca CBSÉ lena chinntiú go mbíonn dóthain caipiteal aici chun aon chaillteanais fhéideartha a iompar.

Déanann an Bord athbhreithniú ar struchtúr caipitil go minic chun an leibhéal cuí caipitil a chinneadh le cosaint in aghaidh na rioscaí seo.

12.5 Riosca comhchruinnithe

Is é is riosca comhchruinnithe ann an riosca go nochtfaí an Chuideachta le haon nochtadh nó grúpa nochtaí a bhfuil sé de chumas acu bheith ina gcúis le caillteanais sách mór chun cumas na Cuideachta le leanúint ag feidhmiú mar ghnóthas leantach a bhagairt.

Bainistíonn an Chuideachta an riosca sin trí chloí leis na teorainneacha arna leagan amach sa Ráiteas um Ghoile Riosca a d’fhaomh Bord CBSÉ agus atá faoi réir athbhreithniú rialta an Bhoird. Sainmhínítear sa Ráiteas um Ghoile Riosca na huasmhéideanna áiseanna creidmheasa a thiomáinfear do chatagóirí áirithe iasachtóra, i dtéarmaí iomlána agus go coibhneasach le háiseanna creidmheasa tiomanta foriomlána CBSÉ. Téitear i ngleic sa Ráiteas um Ghoile Riosca chomh maith leis an riosca comhchruinnithe i measc mhaoinitheoirí CBSÉ tríd an uas-chomhchruinniú ceadaithe i dtéarmaí nochtadh le haon mhaoinitheoir amháin a shainmhíniú. Tá sé i gceist go gcinnteofaí leis na bearta seo go bhfuil punann fhoriomlán na próifíle riosca sách éagsúil, agus nach nochtar an iomarca chuig aon chomhchruinniú riosca í.

Tá príomh-chomhchruinniú tíreolaíoch shócmhainní riosca na Cuideachta in Éirinn, agus baineann príomh-chomhchruinniú earnála an riosca le hinstitiúidí airgeadais, a eascraíonn as a sainordú reachtúil chun creidmheas a chur ar fáil d’aonáin agus do dhaoine sa Stát, arna leagan amach in Acht CBSÉ 2014. Tá príomh-chomhchruinniú dliteanais na Cuideachta le maoinitheoirí Éireannacha agus Eorpacha.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >