1. Aonán tuairiscithe

Cuideachta is ea CBSÉ atá cónaitheach in Éirinn. Bunaíodh an Chuideachta de bhun Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014 an 12 Meán Fómhair 2014. Baineann an Chuideachta leas as foinsí maoinithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar mhaithe le maoiniú ar chostas íseal a sholáthar d’iasachtóirí ar aghaidh ar gá dóibh an ráta tairbhiúil a chur ar aghaidh chuig iasachtaithe GBM in Éirinn.

Cuideachta phríobháideach aon chomhalta atá sa Chuideachta teoranta ag scaireanna corpraithe faoi Acht na gCuideachtaí 2014 (Uimh. Chláraithe 549539).Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe CBSÉ.

Tá oifig chláraithe na Cuideachta i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 XN96.

Tá torthaí airgeadais na Cuideachta sna ráitis airgeadais seo.

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >