18. Anailís aibíochta ar shócmhainní agus ar dhliteanais
Léirítear sa tábla thíos miondealú na sócmhainní agus na ndliteanas sin ina bhfuil gné neamhreatha a bhfuil ceart conartha aici le haisghabháil nó le socrú níos mó ná 12 mhí tar éis an dáta tuairiscithe. Léiríonn méideanna reatha na méideanna sin a bhfuiltear ag súil le haisghabháil nó le socrú laistigh de 12 mhí le haghaidh gach sócmhainne agus dliteanais.
| Reatha €000  | 
                                        Neamhreatha €000  | 
                                        Iomlán €000  | 
                                    |
|---|---|---|---|
| Sócmhainní Airgeadais | |||
| Iasachtaí agus infháltais | 603 | 235,000 | 235,603 | 
| Dliteanais airgeadais | |||
| Maoiniú agus iasachtaí | 148 | 350,000 | 350,148 | 
Tugtar tuilleadh sonraí i Nóta 12.2 maidir le hamscála tuartha shocrú an mhaoinithe agus na n-iasachtaí sin atá dlite lena aisíoc níos mó ná 12 mhí tar éis an dáta tuairiscithe.
