13. Luach cóir sócmhainní agus dliteanais airgeadais

(a) Luach iompair i gcomparáid le luach cóir

Déantar achoimre sa tábla thíos ar shuimeanna glanluacha agus ar luachanna córa na sócmhainní agus na ndliteanas airgeadais nach gcuirtear i láthair ar Ráiteas na Cuideachta maidir leis an Staid Airgeadais ag a luach cóir. Ní thomhaistear ceann ar bith de na sócmhainní ná dliteanais i Ráiteas na Cuideachta maidir leis an Staid Airgeadais ag luach cóir.

Tomhaistear luachanna cóir na n-ionstraimí airgeadais de réir an ordlathais luacha chóir seo a leanas:

Leibhéal 1 – sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas le praghsanna luaite margaidh (neamhchoigeartaithe).

Leibhéal 2 – sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas le teicnící luachála ina n-úsáidtear sonraí margaidh inbhraite.

Leibhéal 3 – sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas le teicnící luachála ina n-úsáidtear sonraí margaidh dobhraite.

Sócmhainní Airgeadais Luach
Iompair
€000
Leibhéal 1
€000
Leibhéal 2
€000
Leibhéal 3
€000
Luach cóir
€000
Airgead agus coibhéisí airgid 120,642 - 120,642 - 120,642
Iasachtaí agus infháltais 235,603 - 235,603 - 235,603
Dliteanais airgeadais
Maoiniú agus iasachtaí 350,148 - 350,148 - 350,148
(b) Prionsabail tomhais an luacha chóir
(i) Airgead agus coibhéisí airgid

Tá luach cóir na n-ionstraimí airgeadais seo cothrom lena luach iompair de bharr go bhfuil na hionstraimí seo in-aisíoctha ar éileamh agus gearrthéarmach i gcineál.

(ii) Iasachtaí agus infháltais agus Maoiniú agus iasachtaí

Tá luach cóir na n-ionstraimí airgeadais seo cothrom lena luach iompair de bharr chuspóir/ chineál sainmhínithe na n-áiseanna seo.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >