7. Costais oibriúcháin

Nóta an 12
Meán Fómhair
2014 go dtí
an 31 Nollaig
2015

€000
Costais inaisíoctha le GBCN 7.1 3,672
Táillí Boird CBSÉ 8 74
Speansais eile 670
4,416

7.1 Costais inaisíoctha le GBCN

an 12
Meán Fómhair
2014 go dtí
an 31 Nollaig
2015

€000
Costais foirne GBCN 1,847
Seirbhísí gnó 1,163
Táillí gairmiúla 356
Teicneolaíocht 254
Costais oibriúcháin eile 52
3,672
Costais foirne GBCN

Níl aon fhostaithe ag an gCuideachta. Tá gach pearsanra fostaithe ag GBCN agus athghearrann an Chuideachta costais luach saothair na gcomhaltaí foirne atá ag obair go lánaimseartha le gnó CBSÉ. B’ionann an líon fostaithe a bhí ag obair go díreach leis an gCuideachta agus naonúr. Áiríodh le costais foirne GBCN luach saothair agus costais eile a bhaineann le costais, ar nós costais earcaíochta, costais oiliúna foirne agus costais foirne sealadaí, a bhaineann le comhaltaí foirne GBCN ag obair go díreach le CBSÉ.

Áirítear i gcostais foirne GBCN tuarastal an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin mar a mhionsonraítear thíos. Cinntear luach saothair an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin de réir ailt 7(2) agus 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

Nicholas Ashmore (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin)
Tuarastal bliantúil 250,000
Sochair inchánacha bhliantúla 23,154
273,154

Fuair an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin tuarastal iomlán €309,734 agus tairbhí inchánacha €25,077 i rith na tréimhse airgeadais ón 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 31 Nollaig 2015. Níor íocadh aon íocaíocht maidir le feidhmíocht ná níl sé iníoctha leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin i rith na tréimhse. Áirítear na méideanna a íocadh leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin sna costais inaisíoctha le GBCN.

Ní théann teidlíochtaí pinsin an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin thar na teidlíochtaí caighdeánacha i scéim eiseamláireach aoisliúntais le sochar sainithe na hearnála poiblí.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >