22. Nochtadh Páirtithe Gaolmhara

22.1 Páirtithe gaolmhara

An tAire Airgeadais

Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe CBSÉ. Féadfaidh an tAire Airgeadais scairchaipiteal údaraithe na Cuideachta a chinneadh de réir ordú ó am go ham de bhua alt 11 d’Acht CBSÉ 2014.

GBCN

Tugann GBCN seirbhísí foirne agus tacaíochta gnó don CBSÉ. Gearrtar na táillí a thabhaíonn GBCN ar CBSÉ, de réir théarmaí an Chomhaontaithe Leibhéal Seirbhíse idir CBSÉ agus GBCN.

Aonáin eile faoi riail an Rialtais

Is páirtithe gaolmhara de CBSÉ iad Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (“CISÉ”), Banc Ceannais na hÉireann agus Bainc-Aontas Éireann cpt mar go bhfuil siad ar fad faoi riail an Aire Airgeadais.

Príomhphearsanra bainistíochta

Rialaíonn Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CBSÉ agus an Bord an Chuideachta. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN ina chomhalta ex officio den Bhord. Tá údarás agus freagracht ag Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CBSÉ agus ag an mBord as pleanáil, as stiúradh agus as rialú gníomhaíochta CBSÉ agus, dá bhrí sin, is príomhphearsanra bainistíochta i CBSÉ iad. Nochtar méideanna a íoctar le príomhphearsanra bainistíochta i Nótaí 7 agus 8.

22.2 Idirbhearta agus iarmhéideanna le páirtithe gaolmhara

Seo a leanas na hidirbhearta a rinneadh le páirtithe gaolmhara le linn na tréimhse airgeadais:

Scairchaipiteal an Aire Airgeadais

Ar an 23 Meán Fómhair 2014, chuir an tAire Airgeadais (trí CISÉ) €10 milliún ar fáil don CBSÉ trí shuibscríbhinn do scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta. Tá ráthaíochtaí tugtha ag an Aire Airgeadais arna leagan amach i Nóta 17.

Athmhuirear GBCN

Tabhaíonn an GBCN costais as reáchtáil CBSÉ, costais a athghearrann siad ar an gCuideachta. B’ionann iomlán na gcostas sin don tréimhse airgeadais agus €3,672k. Nochtar i Nóta 7 tuilleadh sonraí ar na costais sin. Tá €351k iníoctha le GBCN ag deireadh na tréimhse airgeadais.

Bogearraí arna bhforbairt ag GBCN

Cheannaigh CBSÉ bogearraí arna bhforbairt go hinmheánach ag GBCN ar chostas €505k i rith na tréimhse airgeadais. Baineann €47k den €351k iníoctha le GBCN ag deireadh na tréimhse airgeadais le ceannach bogearraí.

Áis Iasachta CISÉ

Sholáthair CISÉ saoráid iasachta €240 milliún do CBSÉ, faoi threoir ón Aire Airgeadais.

Taisce airgid Bhanc Ceannais na hÉireann

Ag deireadh na tréimhse airgeadais, bhí €114.9 milliún d’airgead ag CBSÉ i mBanc Ceannais na hÉireann.

Bainc-Aontas Éireann, cpt

D’eisigh CBSÉ iasachtaí le Bainc-Aontas Éireann, cpt i rith na tréimhse airgeadais chun críche iasachtaí ar aghaidh do GBManna Éireannacha. Bhí na hiasachtaí sin fós dlite ag deireadh na tréimhse airgeadais agus áirítear iad i bhfigiúr na n-iasachtaí agus nithe infhaighte €235.6 milliún sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >