15. Sócmhainní doláimhsithe
| Costas €000 |
Amúchadh carntha €000 |
Glanluach de réir na leabhar €000 |
|
|---|---|---|---|
| Iarmhéid Tosaigh | - | - | - |
| Fáltais i rith na tréimhse | 576 | - | 576 |
| Amúchadh don tréimhse | - | (71) | (71) |
| Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2015 | 576 | (71) | 505 |
Tá sócmhainní doláimhsithe comhdhéanta de Bhogearraí TF a cheannaigh an Chuideachta i rith na tréimhse. Áirítear amúchadh a tabhaíodh i rith na tréimhse i gcostais oibriúcháin sa Ráiteas Ioncaim.
Níor tabhaíodh aon chaillteanais bhearnaithe ar na sócmhainní bogearraí i rith na tréimhse airgeadais.
