19. Anailís aibíochta ar shócmhainní agus ar dhliteanais
Léirítear sa tábla thíos miondealú na sócmhainní agus na ndliteanas sin ina bhfuil gné neamhreatha a bhfuil ceart conartha aici le haisghabháil nó le socrú níos mó ná 12 mhí tar éis an dáta tuairiscithe. Léiríonn méideanna reatha na méideanna sin a bhfuiltear ag súil le haisghabháil nó le socrú laistigh de 12 mhí le haghaidh gach sócmhainne agus dliteanais.
2016 | Reatha €000 |
Neamhreatha €000 |
Iomlán €000 |
---|---|---|---|
Sócmhainní Airgeadais | |||
Iasachtaí agus infháltais | 56,444 | 600,000 | 656,444 |
Dliteanais airgeadais | |||
Maoiniú agus iasachtaí | 122 | 660,000 | 660,122 |
2015 | Reatha €000 |
Neamhreatha €000 |
Iomlán €000 |
Sócmhainní Airgeadais | |||
Iasachtaí agus infháltais | 603 | 235,000 | 235,603 |
Dliteanais airgeadais | |||
Maoiniú agus iasachtaí | 148 | 350,000 | 350,148 |
Tugtar tuilleadh sonraí i Nóta 13.2 maidir le hamscála tuartha shocrú an mhaoinithe agus na n-iasachtaí sin atá dlite lena aisíoc níos mó ná 12 mhí tar éis an dáta tuairiscithe.