Forbhreathnú ar an Margadh

Taispeánadh i sonraí a d’eisigh an Phríomh-Oi g Staidrimh ina tuarascáil i mí Iúil 20162, gur GBManna iad 99.8% de na gnóthaí in Éirinn, gurb iad is cúis le 68.9% den fhostaíocht agus 56.1% den láimhdeachas.

Lean oll-iasachtú nua do GBManna (gan ontair airgeadais agus eastát réadach san áireamh) ag fás agus 2016 ar an mbliain ba mhó ar tarraingíodh oll-chistí ó 2010 i leith. B’ionann an méid iasachtaí iomlána a tugadh in 2016 agus €3.2 billiún (22% níos airde ná 2015). Mar sin féin, in ainneoin an fháis sin, tá meath ag teacht i gcónaí ar an stoc foriomlán de chreidmheas GBM gan íoc, ag laghdú ó €34 billiún i lár 2010 go dtí €16.1 billiún sa cheathrú ráithe de 2016.3 Tugann sé sin le os go leanann méid na n-aisíocaíochtaí ag sárú an mhéid iasachtaí nua atá á dtabhairt i ngach ráithe. Cé go bhfuil dearcadh GBM maidir le toilteanas na mbanc creidmheas a sholáthar feabhsaithe, lean líon na n-iarratas ar chreidmheas ó GBManna ag dul i laghad. Rinne 23% de GBManna iarratas ar airgead bainc idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2016 i gcomparáid le 30% sa tréimhse chéanna in 2015.4 Cé gur rud maith é an fás in athuair ar iasachtú nua, tá an earnáil GBM fós ag brath go mór ar líon beag de bhainc mhóra agus an fás i measc iontrálaithe nua agus maoiniú neamhbhainc ag tosú amach ó leibhéal an-íseal go deo.

Tá 17 gcinn d’institiúidí creidmheasa, lonnaithe in Éirinn, a chuireann sonraí le staitisticí iasachtaithe GBM Bhanc Ceannais na hÉireann i láthair na huaire. Is iad Bainc- Aontas Éireann, Banc na hÉireann agus Banc Uladh na príomhsholáthraithe bainc a thugann maoiniú achais do GBManna i margadh na hÉireann, agus iad le chéile ag tabhairt thart ar 93% de na hiasachtaí nua sa mhargadh.5 Is léir go gcaithfear líon na rannpháirtithe sa mhargadh a sholáthraíonn creidmheas do GBManna a mhéadú chun iomaíochas a fheabhsú. Tá gréasán an bhrainse áitiúil fós tábhachtach do GBManna. Mar sin féin, cuireann an costas ard a bhaineann le gréasán dáileacháin a sholáthar srian suntasach ar iontráil mar a bhí le feiceáil nuair nach ndeachaigh aon bhanc miondíola lánseirbhíse isteach sa mhargadh le blianta beaga anuas.

Sa tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair 2016, bhí an meánráta úis in Éirinn le haghaidh iasachtaí GBM níos lú ná €250,000 ag 5.5%, sin 3.2 níos airde ar an suirbhé leitheadúlachta ná i gcás iasachtaí os cionn €1 mhilliún agus 2 phointe ar an suirbhé leitheadúlachta níos airde ná i gcás iasachtaí idir €250,000 agus €1 mhilliún. Ba chóir a rá mar rud dearfach, go bhfuil an meánráta úis do GBManna na hÉireann i gcás iasachtaí níos lú ná €250,000 níos ísle ná sa tréimhse sé mhí roimhe sin (5.9% i mí Dheireadh Fómhair 2015 go dtí mí an Mhárta 2016). Bhí rátaí úis GBManna na hÉireann fós níos airde in 2016 ná na meáin i limistéar an Euro. Bhí an meánráta úis in Éirinn, i gcás iasachtaí níos lú ná €250,000 (i rith na tréimhse sé mhí ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair 2016), 2.6 pointe níos airde ar an suirbhé leitheadúlachta ná an meán i limistéar an Euro6. B’ionann meánchostas iasachtaí CBSÉ ó bunaíodh í go dtí mí na Nollag 2016 agus 4.6%.

  • Tuarascáil na Príomh-Oi ge Staidrimh a eisíodh an 6 Iúil 2016, bunaithe ar “Dhéimeagrafaíocht Ghnó” na hÉireann le haghaidh na tréimhse 2008 go 2014
  • Staitisticí Bhanc Ceannais na hÉireann, Tábla A.14.1 Creidmheas a cuireadh ar aghaidh chuig GBManna atá Cónaitheach in Éirinn
  • Suirbhé ar Éileamh ar Chreidmheas do GBManna
  • Tuarascáil ar Mhargadh GBM Bhanc Ceannais na hÉireann 2016 H2
  • Tuarascáil ar Mhargadh GBM Bhanc Ceannais na hÉireann 2016 H2