Samhail Ghnó

Is é samhail ghnó CBSÉ ná feidhmiú mar institiúid airgeadais iasachtaithe ar aghaidh ina dtugtar maoiniú mórdhíola ar chostas íseal d’iasachtóirí ar aghaidh sa mhargadh GBM in Éirinn. Agus tacaíocht á tabhairt d’fhorbairt réimsí nua sa mhargadh, tá sé mar aidhm ag CBSÉ margadh tráchtála feidhmiúil a fhorbairt seachas margadh a bheidh ag fáil tacaíochta ón Stát. De réir mar a rachaidh CBSÉ in aibíocht, glacfaidh sí le cur chuige fritimthriallach, ag gearradh siar ar an gcion den mhargadh a bhfuil sí ag tacú leis de réir mar a neartaítear an margadh agus méadú suas i dtimpeallachtaí níos laige.

Fostaíonn CBSÉ foireann bheag, éifeachtúil d’ardchaighdeán d’fhonn an buntáiste is fearr a thabhairt do GBManna agus í ag comhlíonadh a feidhme ó thaobh forbairt táirgí agus seirbhísí ag an am céanna. Chuige sin úsáideann CBSÉ acmhainní Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN). Is fostaithe de chuid GBCN iad foireann CBSÉ agus sanntar do CBSÉ iad ach is í GBCN a sholáthraíonn formhór de sheirbhísí corparáideacha CBSÉ. Déanann CBSÉ aisíocaíocht do GBCN as soláthar na seirbhísí sin (costais na gcomhaltaí foirne san áireamh).