Foinsí Maoinithe

I rith 2016, d’éirigh le CBSÉ dhá fhoinse bhreise de mhaoiniú fadtéarmach ar chostas íseal a bhaint amach dar luach €450 milliún ar an iomlán, ó Chomhairle Bhanc Forbartha na hEorpa agus ó GBCN. Chuir na foinsí nua sin borradh faoi na trí shocrú maoinithe tosaigh arbh fhiú €790 milliún ar an iomlán iad, a bhí i bhfeidhm leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, Kreditanstalt für Wiederaufbau (KfW) agus an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ). D’fhág sé sin an maoiniú iomlán ag €1.2 billiún ag deireadh 2016.

Comhairle Bhanc Forbartha na hEorpa - €200 milliún

Bunaíodh Comhairle Bhanc Forbartha na hEorpa mar bhanc forbartha iltaobhach in 1956 agus sainordú tosaigh aici chun dídeanaithe a aisdúichiú, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus dul i ngleic leis an athlonnú agus le saincheisteanna sóisialta a bhí mar thoradh air. Tá an sainordú sin leathnaithe ó shin i leith chun dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta agus comhshaoil ginearálta a tháinig chun cinn san Eoraip, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do mhicreaghnóthais, do ghnóthais bheaga agus do ghnóthais mheánmhéide d’fhonn poist a chaomhnú agus poist a chruthú, trí mhaoiniú ar chostas íseal agus sásraí ráthaíochta. Tá Éire ina ball de Chomhairle Bhanc Forbartha na hEorpa ó 2004.

Kreditanstalt für Wiederaufbau - €150 milliún

Is é KfW banc spreagtha stáit na Gearmáine, le branda láidir a bhfuil ardmheas air i margaí caipitil trína dtugtar rochtain chobhsaí ar chostas íseal dó ar mhaoiniú fadtéarmach. Is é sainordú KfW thar aon ní eile a bhonn miondíola, tráchtála agus corparáideach féin a fhorbairt go hinmheánach. Baineann KfW leas as samhail don iasachtóir ar aghaidh ag baint leasa as bainc áitiúla chun an sainordú sin a sheachadadh trína raon táirgí agus feabhsúchán ar iomaíochas sna margaí. Ina theannta sin, soláthraíonn KfW a mhaoiniú níos fadtéarmaí ar chostas níos ísle freisin do stáit eile san Aontas Eorpach trína n-institiúidí spreagtha faoi seach amhail CBSÉ, d’fhonn tacú lena sainorduithe comhlántacha.

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn – €240 milliún

Bunaíodh Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ) i mí na Nollag 2014 chun infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a dearadh chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht
in Éirinn. Aistríodh sócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean – an ciste a bhí mar réamhtheachtaí ag CISÉ – chuig CISÉ. Tugadh maoiniú do CBSÉ de bhun treorach ón Aire Airgeadais chuig Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean. Is saoráid rothlach deich mbliana é an maoiniú CISÉ.

GBCN - €250 milliún

Tá GBCN freagrach as iasachtaíocht thar ceann an Rialtais agus as bainistiú an Fhiachais Náisiúnta d’fhonn leachtacht don Státchiste a chinntiú agus d’fhonn an t-ualach úis a íoslaghdú sa mheántéarma. Tá an tsaoráid GBCN do CBSÉ i bhfoirm Clár Nótaí Ráthaithe áit ina ndéanfaidh GBCN infheistíocht i Nótaí Ráthaithe arna n-eisiúint ag CBSÉ ar théarmaí comhaontaithe a mbeidh aibíocht uasta de dheich mbliana ag gabháil leo.

An Banc Eorpach Infheistíochta – €400 milliún

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta banc an Aontais Eorpaigh, a thugann tacaíocht nuair a theipeann ar an margadh creidmheasa agus cothromais araon ar fud na hEorpa. Príomhthosaíocht de shainordú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta is ea maoiniú a thabhairt agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do phobal na nGnóthas Beag agus Meánmhéide san Eoraip. Bhí soláthar maoinithe do CBSÉ istigh faoin gcuspóir sin a bhaineann le tacaíocht maoinithe do GBManna.

Maoiniú i bhfoirm gnáthscaireanna

Anuas ar an luach €10 milliún de scaireanna a eisíodh don Aire Airgeadais ar ionchorprú, shuibscríobh an tAire le haghaidh luach €25 milliún breise de scairchaipiteal CBSÉ i mí Feabhra 2017. Leis an gcaipiteal breise a bhaileofar beidh sé ar chumas CBSÉ tacú lena gníomhaíochtaí reatha, agus táirgí nua a fhorbairt agus a sheachadadh d’fhonn tacú leis an sainchúram atá uirthi rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú i margaí creidmheasa na hÉireann. Íocadh as na scaireanna trí chuid de shaoráid iasachta CBSÉ a thiontú ó CISÉ.