Bainistíocht Riosca

Tá sé mar aidhm ag CBSÉ riosca a bhainistiú ar bhealach eolasach agus réamhghníomhach, de réir a Creata Bainistíochta Riosca agus an Ráitis ar Fhonn Riosca, ar bhealach a fhágann go bhfuil an leibhéal riosca ag teacht leis an mbunghníomhaíocht ghnó agus go dtuigeann CBSÉ agus go bhfuil sí in ann tionchar riosca a bhainistiú nó a iompar má thagann sé chun cinn. Comhlíonann CBSÉ na forálacha bainistíochta riosca sa Chód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit.

D’athbhreithnigh an Bord an Clár Riosca in 2016, agus faigheann sé nuashonrú bainistíochta riosca maidir le rioscaí arda agus rioscaí atá ag teacht chun cinn mar chuid de gach Tuarascáil ón bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin.

Róil agus Freagrachtaí

Tá an Bord freagrach as an bhfonn riosca a leagan síos agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht bainistíochta riosca agus í a threorú ar fud CBSÉ. Shainordaigh an Bord go gcomhtháthófaí agus go leabófaí bainistíocht riosca i dton agus i gcultúr CBSÉ.

Tá an Coiste Iniúchta agus Riosca freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú Bheartas agus Chreat Bainistíochta Riosca CBSÉ agus as a chinntiú go soláthraíonn samhail rialachais bainistíochta riosca CBSÉ leibhéil neamhspleáchais agus dúshláin atá iomchuí. Tuairiscíonn an Coiste Iniúchta agus Riosca don Bhord.

Trí Líne Chosanta

Tá Beartas agus Creat Bainistíochta Riosca CBSÉ bunaithe ar an tsamhail de thrí líne chosanta. Taobh istigh den tsamhail sin, tabhaíonn foireann agus lucht bainistíochta CBSÉ (an chéad líne) na rioscaí agus is leo féin iad, agus soláthraíonn feidhm riosca CBSÉ agus feidhmeanna rialaithe eile (an dara líne) maoirseacht neamhspleách agus dúshlán cuspóra don chéad líne chosanta, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar riosca agus é a thuairisciú. Soláthraíonn an fheidhm Iniúchta Inmheánaigh (an tríú líne) deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe do phríomhpháirtithe leasmhara maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca CBSÉ, maidir le rialachas agus dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

Iniúchadh

De réir ceanglais reachtúla, déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar CBSÉ. Tá feidhm iniúchta inmheánaigh CBSÉ á bainistiú ag feidhm Iniúchta Inmheánaigh GBCN agus cuimsítear ann gnólacht seachtrach, KPMG faoi láthair, a ceapadh chun obair iniúchta inmheánaigh a dhéanamh agus é ag tuairisciú do Cheannasaí an Iniúchta Inmheánaigh.

Príomhrioscaí agus Neamhchinnteachtaí

Tá CBSÉ neamhchosanta ar réimse leathan rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmíocht airgeadais agus oibriúcháin CBSÉ. Bunaítear na próisis chun riosca a shainaithint, a mheas, a luacháil, a thomhas, a thuairisciú agus a mhaolú sa Bheartas agus sa Chreat Bainistíochta Riosca. Shainaithin CBSÉ na príomhrioscaí agus neamhchinnteachtaí seo a leanas a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar bhaint amach a cuspóirí.

Riosca Straitéiseach

Bíonn CBSÉ ag brath ar éileamh ó iasachtóirí ar aghaidh agus ar GBManna d’fhonn a príomhchuspóir straitéiseach a bhaint amach, is é sin creidmheas breise a chur ar fáil do GBManna in Éirinn, agus d’fhonn inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach. Má theipeann uirthi a táirgí a struchtúrú go cuí agus straitéis iomchuí a úsáid chun iad sin a sheachadadh, tá an baol ann nach mbeidh iasachtóirí ar aghaidh rannpháirteach mar a ceapadh dóibh agus ní bhain dh GBManna leas as na táirgí tairgthe.

Riosca Creidmheasa

Tá CBSÉ neamhchosanta ar an riosca go mainneoidh contrapháirtí iasachtaithe ar a oibleagáidí agus go dteip dh air a fhiachas a aisíoc ina iomláine, rud a chruthaíonn caillteanais do CBSÉ. Is do na hiasachtóirí ar aghaidh a dtugann sí iasachtaí dóibh is mó atá príomh-neamhchosaint riosca creidmheasa CBSÉ. Mar sin féin, in 2017, glacfaidh CBSÉ roinnt neamhchosaint riosca creidmheasa, ar bhonn teoranta, do na GBManna tairbhíocha deiridh a bhfuil a gcuid iasachtaí cumhdaithe ag ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag CBSÉ d’iasachtóirí ar aghaidh.

Riosca Oibriúcháin

Tá CBSÉ neamhchosanta ar raon leathan rioscaí oibriúcháin a eascraíonn ó na daoine, ó na córais agus ó na próisis a bhíonn i gceist chun a cuspóir a bhaint amach. I measc na bpríomhrioscaí oibriúcháin tá teipeanna i gcórais, earráidí próisis, a bheith ag brath rómhór ar dhaoine aonair tábhachtacha, teip nósanna imeachta a leanúint, earráidí a thuairisciú agus dá mbarr sin go léir d’fhéadfadh sé go dteipfeadh sa deireadh thiar ar CBSÉ a cuid cuspóirí a chomhlíonadh agus go ndéanfaí damáiste mór dá clú.

Riosca ó thaobh acmhainní a chur ar fáil

Is eagraíocht bheag í CBSÉ a bhíonn ag brath ar lucht gairme speisialtachta oilte chun a cuspóirí reachtúla a chomhlíonadh. Tá an baol ann nach mbeidh an taithí agus an saineolas iomchuí ag CBSÉ, rud a chiallódh go dteipfeadh uirthi a cuid cuspóirí a bhaint amach.