Táirgí CBSÉ

In 2016, leathnaigh CBSÉ a céad sraith táirgí chun maoiniú sonrasc a áireamh ann, a chuidigh tuilleadh chun dul i ngleic le riachtanais mhaoinithe GBManna a sholáthraítear trína cuid iasachtóirí ar aghaidh. Seo a leanas roinnt de na príomhghnéithe a bhaineann leis na táirgí CBSÉ:

  • rátaí úis níos ísle;
  • aibíocht iasachta íosta de dhá bhliain;
  • téarma uasta de dheich mbliana; agus
  • iasachtaí suas go €5 mhilliún ar fáil.
1 Iasachtaí Infheistíochta agus Caipiteal Oibre

Tá iasachtaí infheistíochta CBSÉ agus iasachtaí caipiteal oibre ar fáil do GBManna incháilithe trína comhpháirtithe iasachtóirí ar aghaidh.

2 Athmhaoiniú Iasachtaí Bainc Reatha

Tá an táirge iasachta CBSÉ seo ar féidir é a úsáid chun críche infheistíochta agus caipiteal oibre ar fáil do GBManna incháilithe a raibh a saoráidí iasachta acu an chéad lá riamh le banc atá ag scor nó a d’fhág margadh na hÉireann, i.e. ACC Bank, Danske Bank; Lloyds/Bank of Scotland Ireland, Irish Nationwide/CÉRB, Banc Angla- Éireannach/CÉRB.

3 Iasachtaí i gcomhair Infheistíochta i dTalmhaíocht

Tá táirge iasachta CBSÉ i gcomhair infheistíochta i dtalmhaíocht ar fáil do GBManna incháilithe i bpríomhtháirgeacht talmhaíochta nó i bpróiseáil nó margaíocht táirgí talmhaíochta. Tá an táirge sin ar fáil chun críche infheistíochta.

4 Léasú agus Fruilcheannach

Trína comhpháirtithe iasachtóirí ar aghaidh reatha neamhbhainc, soláthraíonn CBSÉ iasachtaí fruilcheannaigh, fruilchonartha agus léasaithe atá ar fáil do GBManna incháilithe chun carranna, feithiclí tráchtála agus gléasra agus sócmhainní innealra ar leith a mhaoiniú. Soláthraíonn na táirgí sin téarmaí idir dhá agus sé bliana de ghnáth.

5 Maoiniú Sonrasc

Cuireann CBSÉ a táirge maoinithe sonrasc ar fáil do GBManna incháilithe trína comhpháirtithe iasachtóirí ar aghaidh. Is saoráid caipiteal oibre é maoiniú sonrasc a scaoileann airgead tirim a bhíonn ceangailte i sonraisc custaiméirí atá le híoc, trína bhfeabhsaítear an fháil a bhíonn ag GBManna ar shreabhadh airgid.

6 Táirgí Comhroinnt Riosca

Tacaíonn CBSÉ le soláthar iasachtaí breise do GBManna trína ról mar oibreoir agus bainisteoir na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa, agus trína táirge iasachta ráthaithe féin, an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta.