Iasachtú

In 2016, rinne CBSÉ comhaontuithe le trí iasachtóir nua ar aghaidh: First Citizen Agri Finance, Bibby Financial Services Ireland agus Fexco Asset Finance. Méadaíodh leis sin comhpháirtíochtaí CBSÉ le hiasachtóirí ar aghaidh go dtí ocht gcinn, ag leathnú tuilleadh raon na dtáirgí a bhí á dtairiscint do GBManna agus a d’fhág go raibh €906 milliún de mhaoiniú CBSÉ ar an iomlán ar fáil do GBManna ag deireadh na bliana 2016. Leanann CBSÉ ag obair ar chomhpháirtíochtaí breise a thógáil d’fhonn éagsúlacht níos mó de roghanna iomaíocha maoinithe a sholáthar do GBManna agus éagsúlacht na n-iasachtaithe agus na gcineálacha maoinithe a fheabhsú.