Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais

Freagracht as an gCóras Rialaithe Inmheánaigh Airgeadais

Aithníonn an Bord Stiúrthóirí a fhreagracht as córas rialaithe inmheánaigh airgeadais cuí a chothabháil. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an córas dearbhú réasúnta, agus ní iomlán, ar fáil go gcosnaítear sócmhainní, go dtugtar údarás do gach idirbheart agus go dtaifeadtar iad i gceart, agus go ndéantar earráidí nó neamhrialtachtaí ábhartha a chosc nó a bhrath go tráthúil.

Príomhnósanna Imeachta Rialúcháin

Ghlac an Bord Stiúrthóirí céimeanna lena chinntiú gurb ann do thimpeallacht chuí rialaithe trí thabhairt faoi na nithe seo a leanas:

  • freagrachtaí bainistíochta a shainmhíniú go soiléir;
  • nósanna imeachta foirmiúla a bhunú chun laigí suntasacha rialúcháin a thuairisciú agus gníomh ceartúcháin cuí a chinntiú;
  • Coiste Iniúchta agus Riosca a bhunú chun comhairle a chur ar an mBord Stiúrthóirí maidir le feidhmiú a fhreagrachtaí don chóras um rialú inmheánach airgeadais.

Tá nósanna imeachta curtha le chéile ag CBSÉ chun rioscaí gnó a shainaithint agus a mheasúnú mar seo a leanas:

  • cineál, méid agus impleacht airgeadais na rioscaí atá roimh an eagraíocht a shainaithint;
  • an chosúlacht go dtarlóidh rioscaí sainaitheanta a mheas;
  • cumas na heagraíochta a mheas i ndáil le rioscaí a tharlaíonn a bhainistiú agus a mhaolú.

Tá an córas rialaithe inmheánaigh airgeadais bunaithe ar chreatlach d’fhaisnéis rialta bhainistíochta, nósanna imeachta riaracháin, lena n-áirítear leithlisiú dualgas agus córas tarmligin agus cuntasachta. Áirítear leis sin go háirithe:

  • córas cuimsitheach buiséadaithe le buiséad bliantúil a dhéanann an Bord Stiúrthóirí a athbhreithniú agus a chomhaontú;
  • athbhreithnithe rialta ar thuarascálacha airgeadais tréimhsiúla a thaispeánann comhlíonadh airgeadais i gcoinne réamhaisnéise;
  • socrú spriocanna chun feidhmíocht airgeadais agus feidhmíocht eile a thomhas;
  • disciplíní foirmiúla bainistíochta tionscadail;
  • comhlíonadh an Tuairiscithe ar ‘Éagóir Ábhartha’ agus an Bheartais maidir le Nochtadh Cosanta agus an Beartas Frithchalaoise;
  • tuairisciú rialta ar fheidhmíocht iasachtóirí ar aghaidh.

Ghlac an Bord Stiúrthóirí leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit (‘an Cód’), arna oiriúnú i líon teoranta cásanna de réir struchtúir rialachais agus imthosca gnó CBSÉ. Tháinig Cód athbhreithnithe i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2016. I gcomhréir le soiléire arna heisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cur i bhfeidhm Chód 2016, chuir CBSÉ Cód 2009 i bhfeidhm maidir leis na nochtaí atá leagtha síos sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais seo. Ina ainneoin sin, cloíonn CBSÉ cheana féin le Cód 2016 ar a lán bealaí agus tá plean feidhmiúcháin i bhfeidhm aici lena chinntiú go gcloítear leis an gCód athbhreithnithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 agus blianta ina dhiaidh sin.

An Coiste Iniúchta agus Riosca

Tá Coiste Iniúchta agus Riosca ag CBSÉ, a fheidhmíonn de réir na bprionsabal sa Chód. Áirítear le freagrachtaí an Choiste Iniúchta agus Riosca maoirsiú an phróisis tuairiscithe airgeadais, athbhreithniú an chórais rialaithe inmheánaigh agus athbhreithniú na bpróiseas iniúchta inmheánaigh agus sheachtraigh.

Maoirsíonn an Coiste Iniúchta agus Riosca gníomhaíochtaí iniúchta inmheánaigh CBSÉ, a fheidhmíonn feidhm iniúchta inmheánaigh Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“GBCN”). Cuirtear obair na feidhme iniúchta inmheánaigh ar an eolas trí anailís ar na rioscaí a bhfuil CBSÉ neamhchosanta orthu, agus réitítear plean bliantúil maidir le hiniúchadh inmheánach bunaithe ar an anailís seo.

Aontaíodh an plean iniúchta inmheánaigh don bhliain airgeadais le bainistíocht CBSÉ agus d’fhaomh an Coiste Iniúchta agus Riosca é i mí Iúil 2015. Ar bhonn rialta, soláthraíonn an fheidhm iniúchta inmheánaigh tuarascáil maidir le gníomhaíocht iniúchta inmheánaigh do lucht bainistíochta CBSÉ agus don Choiste Iniúchta agus Riosca. Tugtar breac-chuntas sna tuarascálacha sin ar aon torthaí agus ar aon mholtaí maidir le rialúcháin inmheánacha a ndearnadh athbhreithniú orthu. Déantar monatóireacht ar an dul chun cinn i gcomparáid leis na moltaí agus déantar é a thuairisciú don Choiste Iniúchta agus Riosca.

GBCN

Braitheann CBSÉ méid áirithe ar rialuithe a fheidhmíonn GBCN a chuireann seirbhísí airgeadais, acmhainní daonna, dlí, iniúchta inmheánaigh, riosca agus comhlíonta áirithe ar fáil do CBSÉ, arna fhoráil faoi alt 10 d’Acht CBSÉ 2014, agus arna comhaontú sa Chomhaontú Leibhéal Seirbhíse idir GBCN agus CBSÉ. Tá córas dea-fhorbartha rialaithe inmheánaigh ag GBCN agus cuirtear aon seirbhísí comhroinnte ar fáil do CBSÉ laistigh den chreat reatha rialaithe sin. Fuair a CBSÉ ráthaíocht ó GBCN go ndearnadh athbhreithniú ar a chórais um rialú airgeadais inmheánaigh i ndáil le seirbhísí a chuirtear ar fáil do CBSÉ.

Bainistíocht riosca

Tá an Coiste Iniúchta agus Riosca freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Bheartais agus Creat Bainistíochta Riosca agus an Ráitis ar Fhonn Riosca a d’fhaomh an Bord Stiúrthóirí. Cothaítear Clár Riosca ina sainaithnítear agus ina gcatagóirítear rioscaí a d’fhéadfadh cosc a chur ar CBSÉ a cuid cuspóirí a bhaint amach agus déantar measúnú sa chlár ar thionchar na dteagmhas éagsúil riosca. Ar bhonn na rioscaí a shainaithnítear, forfheidhmítear rialuithe chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú. Déanann an Coiste Iniúchta agus Riosca athbhreithniú ráithiúil ar an gClár Riosca. Déanann an Bord Stiúrthóirí athbhreithniú ar an gclár ar bhonn bliantúil ar a laghad. Is gá don fhoireann bainistíochta anú ar bhonn ráithiúil go bhfuil na rialuithe sa Chlár Riosca i bhfeidhm agus éifeachtach.

Monatóireacht

Cuirtear an mhonatóireacht agus an t-athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais um rialú inmheánach airgeadais ar an eolas trí na bainisteoirí laistigh de CBSÉ atá freagrach as forbairt agus as cothabháil na creatlaí rialaithe airgeadais, trí thorthaí obair na feidhme iniúchta inmheánaigh agus trí thuairimí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina litir bhainistíochta nó i dtuarascálacha eile.

Déanann an Bord Stiúrthóirí monatóireacht ar an gcóras rialaithe inmheánaigh airgeadais tríd an gCoiste Iniúchta agus Riosca. Comhlíonann an Coiste Iniúchta agus Riosca a fheidhmeanna de réir Théarmaí Tagartha an Choiste Iniúchta agus Riosca.

Athbhreithniú Bliantúil ar Rialuithe

Deimhnímid go ndearnamar, an Bord Stiúrthóirí, maidir leis an mbliain airgeadais dar chríoch an 31 Nollaig 2016, agus comhairle glactha againn ón gCoiste Iniúchta agus Riosca, athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais um rialú inmheánach airgeadais.

Conor O'Kelly
An Cathaoirleach
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

12 Aibreán 2017