Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

chuig an Aire Airgeadais

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016 faoin Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, 2014. Tá an ráiteas ioncaim, agus ioncam cuimsitheach eile, ráiteas maidir leis an staid airgeadais, ráiteas ar athruithe ar chothromas, ráiteas ar shreabhfaí airgid agus na nótaí gaolmhara sna ráitis airgeadais. Is ionann an creat tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm ina n-ullmhú agus Acht na gCuideachtaí, 2014 agus cleachtas cuntasaíochta a nglactar leis go coitianta in Éirinn.

Freagrachtaí na stiúrthóirí

Tá na stiúrthóirí freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go dtugann siad léargas fírinneach, cóir agus go gcloíonn siad ar gach bealach eile le hAcht na gCuideachtaí 2014 agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir an dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Déantar m’iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le anaise a fháil ar na méideanna agus na hábhair nochta sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Cuimsíonn sé seo measúnú ar

  • cibé acu an cuí í iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí CBSÉ de, agus cibé acu ar cuireadh nó nár cuireadh i bhfeidhm go comhsheasmhach iad agus cibé acu ar nochtadh nó nár nochtadh go cuí iad
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinne na stiúrthóirí in ullmhú na ráiteas airgeadais, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin anaise a fháil faoi rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léigh mé tuarascáil bhliantúil CBSÉ chun aon neamhréireacht ábhartha leis na ráitis airgeadais iniúchta a shainaithint agus chun aon fhaisnéis atá mícheart go hábhartha de réir dealraimh a shainaithint, bunaithe ar an bhfaisnéis a ghnóthaigh mé le linn an t-iniúchadh a dhéanamh nó ar aon fhaisnéis atá neamhréireach go hábhartha leis an bhfaisnéis sin. Má thagaim ar aon eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, tá na nithe seo fíor faoi na ráitis airgeadais

  • tugann siad léargas fírinneach cóir ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid ghnóthaí CBSÉ amhail an 31 Nollaig 2016 agus ar a chaillteanas don bhliain dar chríoch an dáta sin; agus
  • rinneadh iad a ullmhú mar is ceart i gcomhréir le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh forleathan leis in Éirinn; agus
  • ullmhaíodh i gceart iad de réir cheanglais Acht na gCuideachtaí, 2014.

Ábhair ar a gcaithim tuairisciú faoi Acht na gCuideachtaí 2014

Fuair an fhaisnéis agus na mínithe go léir a mheasaim is gá chun críocha m’iniúchta. I mo thuairim, ba leor tai d chuntasaíochta CBSÉ le go bhféadfaí iniúchadh éasca agus ceart a dhéanamh ar na ráitis airgeadais. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na tai d chuntasaíochta.

Is é mo thuairim go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht i gcás go n-aimsím

  • aon ásc ábhartha nuair nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas a thugtar i dtuarascáil bhliantúil CBSÉ comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais bhainteacha nó leis an eolas a fuair mé agus an t-iniúchadh á dhéanamh agam, nó
  • nach léiríonn an ráiteas ar rialú inmheánach airgeadais gur chomhlíon CBSÉ an Cód Cleachtas maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit, nó
  • nach ndearnadh nochtaí maidir le luach saothair agus idirbhearta stiúrthóirí arna sonrú in Acht na gCuideachtaí, 2014, nó
  • go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

13 Aibreán 2017