Forbhreathnú ar an Margadh

1. Conor O'Kelly (An Cathaoirleach)

Ceapadh é ar feadh téarma trí bliana ó mhí an Mhárta 2015; Comhalta den Choiste Luach Saothair

Is é Conor O’Kelly Príomhfheidhmeannach GBCN. Is iar- Leaschathaoirleach é ar Investec Holdings (Ireland) Ltd. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar NCB Group, a fuair Investec ina dhiaidh sin. Sula ndeachaigh sé ag obair le NCB mar Cheannasaí Ioncaim Sheasta chaith sé 11 bhliain le Barclays Capital, áit a raibh roinnt poist bainistíochta sinsearaí aige.

2. Nick Ashmore (An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin)

Comhalta de bhrí oifige;
Comhalta den Choiste Creidmheasa

Is é Nick Ashmore Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CBSÉ. Sular ghlac sé leis an ról sin bhí sé ina Stiúrthóir Tionscadal i rith chéim bhunaithe CBSÉ. Thosaigh Nick ag obair in GBCN in 2006 mar chuid den fhoireann a bhí ag bainistiú an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, áit ar fhónaimh sé mar Cheannasaí ar Chothromas Príobháideach agus Bonneagar sula ndearnadh Leas-Stiúrthóir dó in 2011. Sular thosaigh sé ag obair in GBCN, bhí Nick ina bhainisteoir infheistíochta le Greenaap Consultants Limited, oi g theaghlaigh phríobháideach. Is céim de chuid Ollscoil Obar Dheathain é agus ball d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Albain.

3. Barbara Cotter

Ceapadh í i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma ceithre bliana; Comhalta den Choiste Iniúchta agus Riosca

Bhí Barbara Cotter ina Comhpháirtí ag A&L Goodbody ar feadh breis is 20 bliain. I rith a cuid ama mar dhlíodóir baincéireachta, thug Barbara tacaíocht do GBManna na hÉireann agus chuir sí comhairle ar iasachtóirí agus ar infheisteoirí an phobail GBM. Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í agus comhalta de Bhinse Fiosrúcháin Smachta na nAturnaetha.

4. Tom McAleese

Ceapadh é i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma ceithre bliana; Cathaoirleach an Choiste Iniúchta agus Riosca

Tá Tom McAleese ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Alvarez & Marsal, an Ríocht Aontaithe agus ina Cheannasaí ar chleachtas Athstruchtúrú na mBanc san Eoraip agus os cionn 25 bliana taithí aige i gcúrsaí seirbhísí airgeadais. Sula ndeachaigh sé ag obair in Alvarez and Marsal, bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar feadh cúig bliana le Barclays Bank Ireland cpt. D’oibrigh sé roimhe sin le ABN AMRO Bank, áit a raibh poist shinsearacha aige agus le GPA Group cpt agus KPMG. Is Comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte é Tom, Comhalta d’Institiúid na mBaincéirí agus ball den American Institute of Certi ed Public Accountants. Tá sé ina Uachtarán ar Alumni Gnó Choláiste na Tríonóide faoi láthair agus ina chathaoirleach iniúchta ar Chumann Lucht Trádála Bhaile Átha Cliath.

5. Rosheen McGuckian

Ceapadh í i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma cúig bliana; Cathaoirleach an Choiste Luach Saothair; Comhalta den Choiste Creidmheasa

Tá Rosheen McGuckian ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Grúpa ar NTR cpt. Tá taithí fhorleathan aici mar fheidhmeannach sinsearach san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí in Greenstar, GE Capital agus BSL. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í agus tá céim mháistreachta aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

6. Ann Nolan

Ceapadh é ar feadh téarma trí bliana ó mhí an Mhárta 2015; Comhalta den Choiste Luach Saothair

Is í Ann Nolan an Dara hArd-Rúnaí sa Roinn Airgeadais, agus is í atá freagrach mar Leas-Cheannasaí na Roinne agus mar Cheannasaí ar an Stiúrthóireacht Seirbhísí Airgeadais. D’oibrigh Ann sa Roinn Airgeadais le 30 bliain anuas agus tá taithí mhór aici ar cheapadh beartas agus ar fhorbairt straitéisí i réimsí cánachais, rialaithe caiteachais, baincéireachta agus seirbhísí airgeadais.

7. AJ Noonan

Ceapadh é i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma ceithre bliana

Is é AJ Noonan bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta Rhonellen Developments. Bhunaigh sé agus bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta roimhe sin ar Noonan Recruitment agus Professional Placement Group. Bhí AJ ina Chathaoirleach ar Chomhlachas na nGnólachtaí Beaga ó 2013 go 2016 agus tá sé fós ar an gComhairle Náisiúnta. Is céimí de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é.

8. Richard Pelly

Ceapadh é i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma cúig bliana; Cathaoirleach an Choiste Creidmheasa

Bhí Richard Pelly ina Phríomhfheidhmeannach ar an gCiste Eorpach Infheistíochta tráth. Bhí sé ina bhall d’fhoireann bainistíochta GE Capital san Eoraip roimhe sin agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ag Lloyds TSB. Is céimí de chuid Ollscoil Durham é agus ball d’Institiúid na mBaincéirí.

9. Eilis Quinlan

Ceapadh í i mí an Mhárta 2015 ar feadh téarma cúig bliana; Comhalta den Choiste Iniúchta agus Riosca

Tá a cleachtas cuntasaíochta agus iniúchta féin ag Eilis Quinlan le 20 bliain anuas. Faoi láthair tá sí ina Stiúrthóir ar Chomhlachas Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann agus bhí sí mar Chathaoirleach air roimhe seo. Ó 2011 i leith is í Eilis ionadaí na hÉireann ar Fhóram Domhanda Chomhlachas na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe le haghaidh GBManna. Déanann sí ionadaíocht freisin ar an gComhlachas ar Chónaidhm Chuntasóirí na hEorpa sa Bhruiséil. Is céimí de chuid Choláiste Griffith, Baile Átha Cliath í Eilis agus Ánra den Chomhlachas.