Tuarascáil na Stiúrthóirí

Is cuid de Thuarascáil na Stiúrthóirí í Tuarascáil Bhliantúil 2016.

Cuireann Stiúrthóirí Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (“an Chuideachta” nó “CBSÉ”) a dtuarascáil agus ráitis airgeadais iniúchta i láthair maidir leis an mbliain airgeadais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016 (“an bhliain airgeadais”).

Ionchorpraíodh an Chuideachta de bhun an Achta um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, 2014 (‘Acht CBSÉ 2014’) an 12 Meán Fómhair 2014 agus rinneadh cuideachta gníomhaíochta ainmnithe di faoi Acht na gCuideachtaí, 2014 an 28 Iúil 2016. Baineann an Chuideachta leas as foinsí maoinithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar mhaithe le maoiniú ar chostas íseal a sholáthar d’iasachtóirí ar aghaidh ar gá dóibh an ráta tairbhiúil a chur ar aghaidh chuig iasachtaithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide (“GBM”) in Éirinn.

Is éard is iasachtóirí ar aghaidh ann ná bainc nó soláthraithe maoinithe neamhbhainc a gcuireann CBSÉ maoiniú ar aghaidh chucu, agus a bhaineann leas as an maoiniú sin chun creidmheas a sholáthar do GBManna incháilithe.

Príomhghníomhaíochtaí

Ba iad príomhghníomhaíochtaí CBSÉ i rith na bliana airgeadais ná maoiniú breise a fháil ó sholáthraithe maoinithe idirnáisiúnta agus ó acmhainní an Stáit, agus iasachtaí fadtéarmacha ar chostas íseal a sholáthar d’institiúidí iasachtaithe ar aghaidh lena ndáileadh trí chreidmheas a sholáthar d’iasachtaithe GBManna in Éirinn.

Athbhreithniú gnó agus forbairtí is dóigh a tharlóidh sa todhchaí

Tugtar tuairisc i Ráiteas an Chathaoirligh agus in Athbhreithniú an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin sa Tuarascáil Bhliantúil ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht na Cuideachta sa bhliain airgeadais, ar theagmhais mhóra a tharla le déanaí agus ar fhorbairtí is dóigh a tharlóidh sa todhchaí. Tá tuilleadh faisnéise maidir le straitéis agus samhail ghnó CBSÉ leagtha amach sa rannán ar Straitéis den Tuarascáil Bhliantúil agus tá athbhreithniú cuimsitheach ar oibríochtaí CBSÉ leagtha amach sa rannán Athbhreithniú Gnó den Tuarascáil Bhliantúil.

I rith na bliana airgeadais, dhírigh an Chuideachta ar mhaoiniú breise a aimsiú ó mhaoinitheoirí idirnáisiúnta agus acmhainní Stáit, maoinitheoirí breise a aimsiú chomh maith leis an líon saoráidí iasachtaithe ar aghaidh a mhéadú. Is é samhail ghnó tosaigh CBSÉ ná maoiniú mórdhíola ar chostas íseal a sholáthar d’iasachtóirí ar aghaidh (bainc agus soláthraithe maoinithe neamhbhainc), a thugann maoiniú ansin do GBManna. Thóg CBSÉ ról chuici féin i rith na bliana airgeadais mar bhainisteoir agus oibreoir na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa thar ceann an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Sa bhliain airgeadais, léiríonn siad seo a leanas na príomhthorthaí feidhmíochta:

  • €450 milliún de mhaoiniú breise tiomnaithe faighte ag CBSÉ faoi chomhaontuithe a síníodh le beirt mhaoinitheoirí nua;
  • €€155 milliún de shaoráidí iasachtaithe breise ar chostas íseal tiomnaithe ag CBSÉ do thrí iasachtóir nua ar aghaidh;
  • €420 milliún tarraingthe ag iasachtóirí ar aghaidh CBSÉ ar mhaithe le hiasachtaí a thabhairt do GBManna;
  • €377 milliún d’iasachtaí ar chostas íseal curtha ar aghaidh ag iasachtóirí ar aghaidh chuig GBManna.

Príomhrioscaí agus neamhchinnteachtaí

Tá mionsonraí thíos maidir leis na príomhrioscaí agus na neamhchinnteachtaí atá os comhair na Cuideachta.

Riosca Straitéiseach
  • Bíonn CBSÉ ag brath ar éileamh ó iasachtóirí ar aghaidh agus GBManna d’fhonn a príomhchuspóir straitéiseach a bhaint amach, is é sin creidmheas breise a chur ar fáil do GBManna in Éirinn, agus d’fhonn inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach. Má theipeann uirthi a táirgí a struchtúrú go cuí agus straitéis iomchuí a úsáid chun iad sin a sheachadadh, tá an baol ann nach mbeidh iasachtóirí ar aghaidh rannpháirteach mar a ceapadh dóibh agus ní bhain dh GBManna leas as na táirgí tairgthe.
Riosca Creidmheasa
  • Tá CBSÉ neamhchosanta ar an riosca go mainneoidh contrapháirtí iasachtaithe ar a oibleagáidí agus go dteip dh air a fhiachas a aisíoc ina iomláine, rud a chruthóidh caillteanais do CBSÉ. Is do na hiasachtóirí ar aghaidh a dtugann sí iasachtaí dóibh is mó atá príomh-neamhchosaint riosca creidmheasa CBSÉ. Mar sin féin, in 2017, glacfaidh CBSÉ roinnt neamhchosaint riosca creidmheasa, ar bhonn teoranta, do na GBManna tairbhíocha deiridh a bhfuil a gcuid iasachtaí cumhdaithe ag ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag CBSÉ d’iasachtóirí ar aghaidh.
Riosca Oibriúcháin
  • Tá CBSÉ neamhchosanta ar raon leathan rioscaí oibriúcháin a eascraíonn ó na daoine, ó na córais agus ó na próisis a bhíonn i gceist chun a cuspóir a bhaint amach. I measc na bpríomhrioscaí oibriúcháin tá teipeanna i gcórais, earráidí próisis, a bheith ag brath rómhór ar dhaoine aonair tábhachtacha, teip nósanna imeachta a leanúint, earráidí a thuairisciú, etc., agus dá mbarr sin go léir d’fhéadfadh sé go dteipfeadh sa deireadh thiar ar CBSÉ a cuid cuspóirí a chomhlíonadh agus go ndéanfaí damáiste mór dá clú.
Riosca ó thaobh acmhainní a chur ar fáil
  • Is eagraíocht bheag í CBSÉ a bhíonn ag brath ar lucht gairme speisialtachta oilte chun a cuspóirí reachtúla a chomhlíonadh. Tá an baol ann nach mbeidh an taithí agus an saineolas iomchuí ag CBSÉ, rud a chiallódh go dteipfeadh uirthi a cuid cuspóirí a bhaint amach.

Bainistíocht riosca airgeadais

Tá an chuideachta neamhchosanta ar riosca creidmheasa, riosca margaidh, riosca leachtachta, riosca caipitil agus riosca comhchruinnithe i ngnáthchúrsa a cuid gnó. Tá tuilleadh sonraí maidir le beartas na Cuideachta agus an chaoi a ndéanann sí bainistiú ar na rioscaí sin i Nóta 13 leis na ráitis airgeadais.

Stiúrthóirí

Bhí siad seo a leanas ina Stiúrthóirí ag aon tráth i rith na bliana airgeadais:

Conor O’Kelly
Nicholas Ashmore
Barbara Cotter
Tom McAleese
Rosheen McGuckian
Ann Nolan
AJ Noonan
Richard Pelly
Eilis Quinlan

Leasanna na Stiúrthóirí

Ní raibh aon leas tairbhiúil ag na Stiúrthóirí sa Chuideachta i rith na bliana airgeadais ná ag deireadh na bliana airgeadais (Feic Nóta 24). Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe na Cuideachta (Feic Nóta 21 agus 25).

Taifid chuntasaíochta dhóthanacha

Cinntíonn na Stiúrthóirí go gcomhlíonann an Chuideachta a dualgais maidir le taifid chuntasaíochta a choinneáil mar a éilítear faoi ailt 281 go 285 d’Acht na gCuideachtaí 2014, trí úsáid a bhaint as pearsanra cuntasaíochta cáilithe agus córais agus nósanna imeachta cuí, arna leagan amach sa Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais ar leathanach 8. Coinnítear na taifid chuntasaíochta in oi g chláraithe na Cuideachta i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 XN96.

Torthaí agus díbhinní

Leagtar amach na torthaí don bhliain airgeadais agus staid gnóthaí na Cuideachta sa Ráiteas Ioncaim agus Ioncam Cuimsitheach Eile agus an Ráiteas ar an Staid Airgeadais ar leathanaigh 34 agus 35 faoi seach.

Níor íoc an Chuideachta aon díbhinní i rith na bliana airgeadais lena scairshealbhóir aonair, an tAire Airgeadais, agus níl sé i gceist aici aon díbhinní a íoc le haghaidh na bliana airgeadais seo.

Teagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe

Feic Nóta 25 de na ráiteas airgeadais.

Iniúchóir

Is é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchóir na Cuideachta de bhua alt 19 d’Acht CBSÉ 2014.

Ghlac gach duine de na Stiúrthóirí na céimeanna go léir ba chóir dó nó di a bheith glactha aige/aici mar Stiúrthóir d’fhonn é/í féin a chur ar an eolas faoi aon fhaisnéis iniúchta ábhartha agus d’fhonn a chinntiú go bhfuil an tArd- Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an eolas maidir leis an bhfaisnéis sin.

Faofa agus údaraithe lena eisiúint ag an mBord Stiúrthóirí agus sínithe thar a cheann:

Nichola Ashmore
An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

Conor O'Kelly
An Cathaoirleach
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

12 Aibreán 2017