Margaíocht agus Cur Chun Cinn

Tá CBSÉ ag féachaint le seasamh a chruthú di féin mar chuid aitheanta agus iontaofa d’ollstruchtúr airgeadais gheilleagar na hÉireann. Leanann CBSÉ lena cuid iarrachtaí feasacht a ardú ar a branda agus ar an ról atá aici ó thaobh maoiniú níos fadtéarmaí ar chostas íseal a sheachadadh do GBManna ar fud na hÉireann. Is gá do CBSÉ freisin a samhail oibre maidir lena hiasachtóirí ar aghaidh a chur in iúl go soiléir. Ní mór do CBSÉ a chinntiú go dtéann a teachtaireacht i gcion ar raon leathan daoine, idir GBManna aonair agus a gcomhairleoirí agus an tionscal agus chomhlachtaí Stáit. Rud a bheidh lárnach chun é sin a bhaint amach is ea branda atá aitheanta go héasca a chruthú, branda atá ábhartha do phríomhlucht leanúna CBSÉ, agus a mbíonn tionchar aige i dtimpeallacht ghnóthach brandaí GBM. D’fhonn a chinntiú go dtéann GBManna ar thóir tháirgí CBSÉ, forbraíodh feachtas feasachta poiblí chun poiblíocht a dhéanamh ar bhranda, ar tháirgí agus ar chláir CBSÉ féin do GBManna. Cuimsíodh leis sin feachtas margaíochta agus cur chun cinn agus clár for-rochtana freastail ag seónna trádála, comhdhálacha agus imeachtaí GBM ar fud na tíre.

Leanadh den fheachtas margaíochta agus cur chun cinn ar feadh 2016 agus bhí meascán meán raidió agus ar líne i gceist leis. Dearadh plean na meán chun dul i gcion ar bhreis is 90% de na GBManna go léir thar thréimhse an fheachtais agus feasacht maidir le CBSÉ a mhéadú. Taispeántar i Suirbhé na Roinne Airgeadais ar Éileamh ar Chreidmheas (30 Meán Fómhair 2016) go bhfuiltear feasach faoi CBSÉ mar thionscnamh tacaíochta de chuid an Rialtais agus 21% de GBManna rannpháirteach, rud a léiríonn dul chun cinn maith ó thaobh feasacht branda a mhéadú maidir le CBSÉ. Ina theannta sin d’úsáid CBSÉ roinnt cainéal sna meáin shóisialta, agus foilsíodh cás-staidéir ar LinkedIn agus Twitter chun infheidhmeacht mhaoiniú CBSÉ do GBManna a chur chun cinn.

Idir mí Eanáir agus mí na Nollag 2016, tríd an gclár for-rochtana GBM, d’fhreastail foireann CBSÉ ar bhreis is 40 imeacht ar fud na tíre.