Bord agus Coistí an Bhoird

Ionchorpraíodh CBSÉ de bhun an Achta um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, 2014 (‘Acht CBSÉ’) i mí Mheán Fómhair 2014 agus i mí Iúil 2016 rinneadh Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe di faoi Acht na gCuideachtaí, 2014. Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe CBSÉ.

Foráiltear i mBunreacht CBSÉ go mbeidh beirt Stiúrthóirí ar a laghad agus naonúr Stiúrthóirí ar a mhéad, agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar dhuine acu sin, mar chomhaltaí de bhrí oi ge den Bhord. Cheap an tAire na chéad Stiúrthóirí nuair a ceapadh agus nuair a cláraíodh CBSÉ. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí ina dhiaidh sin a cheapadh ar ainmniúchán an Aire agus cuir dh sé téarmaí ainmniúchán an Aire i bhfeidhm. Is é an tAire a cheapann an Cathaoirleach.

Ní dhearnadh aon athruithe ar bhallraíocht an Bhoird i rith 2016.

Forordaítear feidhmeanna CBSÉ in Alt 8 d’Acht CBSÉ. Tá sceideal foirmiúil ábhar ann a choimeádtar le haghaidh chinneadh an Bhoird. Áirítear leis an Sceideal sin:

  • Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais
  • Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca
  • Ráiteas ar Fhonn Riosca
  • Plean Straitéiseach
  • Buiséad
  • Ceapachán agus téarmaí agus coinníollacha an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin (tar éis dul i gcomhairle leis an Aire)
  • Beartas foriomlán maidir le luach saothair

Tá feidhmeanna CBSÉ dílsithe sa Bhord, a fhéadfaidh feidhmeanna a tharmligean don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin. Agus é ag comhlíonadh a chuid dualgais, díríonn an Bord ar mhaoirseacht agus treoir straitéiseach a thabhairt don eagraíocht agus ar a chinntiú go bhfuil rialuithe iomchuí i bhfeidhm, agus tarmligeann sé cúrsaí oibriúcháin don lucht bainistíochta ag an am céanna.

Bhunaigh an Bord trí choiste chun cuidiú leis a chuid freagrachtaí a chur i gcrích, agus tá téarmaí tagartha foirmiúla ag gabháil le gach ceann acu:

  • An Coiste Iniúchta agus Riosca
  • An Coiste Luach Saothair (a bunaíodh i mí Mheán Fómhair 2016)
  • An Coiste Creidmheasa (a bunaíodh i mí Feabhra 2017)

Rinne an Bord an chéad athbhreithniú bliantúil ar a éifeachtacht i rith 2016. Bhí an t-athbhreithniú sin i bhfoirm meastóireachta struchtúrtha, féin-mheasúnaithe a rinne an Bord agus an Coiste Iniúchta agus Riosca.

Ghlac an Bord Stiúrthóirí leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit (‘an Cód’), arna oiriúnú i líon teoranta cásanna de réir struchtúir rialachais agus imthosca gnó CBSÉ. Tháinig Cód athbhreithnithe i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2016. I gcomhréir le soiléire arna heisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cur i bhfeidhm Chód 2016, chuir CBSÉ Cód 2009 i bhfeidhm maidir leis na nochtaí atá leagtha síos sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais seo. Ina ainneoin sin, cloíonn CBSÉ cheana féin le Cód 2016 ar a lán bealaí agus tá plean feidhmiúcháin i bhfeidhm aici lena chinntiú go gcloítear leis an gCód athbhreithnithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 agus blianta ina dhiaidh sin.

Freastal ar Chruinnithe Boird agus Coiste in 2016
Bord An Coiste Iniúchta agus Riosca An Coiste Luach Saothair
Líon na gCruinnithe 9 6 1
Stiúrthóirí:
Conor O’Kelly 9 1
Nick Ashmore 9
Barbara Cotter 8 6
Tom McAleese 9 6
Rosheen McGuckian 8 1
Ann Nolan 9 1
AJ Noonan 9
Richard Pelly 8
Eilis Quinlan 9 6

Tá Beartas i bhfeidhm ag CBSÉ maidir le Tuairisciú “Éagóra Ábhartha” agus Nochtadh Cosanta trínar féidir leis an bhfoireann, faoi rún, ábhair imní a ardú faoi mhírialtachtaí féideartha i dtuairisciú airgeadais nó i nithe eile.

Tá Cód Iompair i bhfeidhm le haghaidh Stiúrthóirí agus nuashonraíodh é in 2016. Is fostaithe de chuid GBCN iad foireann CBSÉ agus iad sannta do CBSÉ. Tá na comhaltaí foirne sin faoi réir Chód Cleachtais GBCN maidir le Rúndacht agus Iompar Gairmiúil. Táthar ag súil go gcinnteoidh na stiúrthóirí agus na comhaltaí foirne go mbeidh a gcuid gníomhaíochtaí go léir á rialú ag na caighdeáin eiticiúla a léirítear sa chód ábhartha.

Is comhlacht forordaithe poiblí í CBSÉ chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oi gí Poiblí, 1995 agus 2001. Tá ceanglais maidir le nochtadh leasa freisin faoi Acht na gCuideachtaí, 2014, faoi Bhunreacht na Cuideachta agus faoin gCód. Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag CBSÉ chun cuidiú le Stiúrthóirí agus le Coistí a n-oibleagáidí maidir le nochtadh leasa a chomhlíonadh.

Faigheann an Bord tacaíocht ina chuid feidhmeanna ón Rúnaí a chomhordaíonn freisin feidhmiú Choistí éagsúla an Bhoird.