Ráiteas an Chathaoirligh

Lean CBSÉ ag déanamh dul chun cinn maith in 2016, ag leathnú ár mboinn maoinithe, ag cur trí chomhpháirtí nua iasachtaithe ar aghaidh leis agus ag leathnú raon ár gcuid gníomhaíochtaí go mór. D'fhógair CBSÉ an chéad táirge comhroinnte riosca in 2016, agus ghlac sí freagracht freisin as feidhmiú na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa á soláthar ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Is é príomhsprioc straitéiseach CBSÉ ionstraimí airgeadais a chur ar fáil don mhargadh GBM in Éirinn, go díreach nó mar sholáthraí seirbhíse, d'fhonn dul i ngleic le teipeanna margaidh ó thaobh creidmheas a sholáthar do GBManna. Tá ról riachtanach againn ó thaobh margadh éifeachtach agus inbhuanaithe a athchóiriú le haghaidh maoiniú GBM in Éirinn agus ról níos leithne go fadtéarmach mar idirghabhálaí le haghaidh tacaíochtaí maoinithe an Stáit agus na hEorpa. Táimid ag glacadh cur chuige céimithe maidir le dhul isteach sa mhargadh d'fhonn an sprioc straitéiseach sin a bhaint amach agus cuir mid iasachtaí breise fadtéarmacha, ar chostas íseal ar fáil do GBManna trí na príomhinstitiúidí baincéireachta. Cuirfear creidmheas breise ar fáil do GBManna chomh maith, trí raon soláthraithe airgeadais neamhbhainc thar raon leathan táirgí agus gníomhaíochtaí comhroinnte riosca.

Amhail deireadh 2016 bhí €1.2 billiún de mhaoiniú ar chostas íseal slánaithe ag CBSÉ ó fhoinsí Eorpacha agus intíre. Leanfaidh CBSÉ ag lorg maoiniú eile Eorpach d'fhonn bearta nua creidmheasa a thabhairt isteach amach anseo agus d'fhonn idirghabhálaí lárnach a fhorbairt le haghaidh tacaíochtaí Eorpacha do mhargadh na hÉireann.

Cuireadh socruithe maoinithe ar chostas íseal ar fáil do thrí iasachtóir nua ar aghaidh in 2016 agus díríodh ar airgead nideoige ar leith. D'fhág sé sin go raibh ocht n-iasachtóir ar aghaidh ar an iomlán ann – trí bhanc agus cúig institiúid neamhbhainc. Ag deireadh 2016 bhí iomlán na hiasachta ar aghaidh ag €906 milliún agus €544 milliún tarraingthe anuas ag GBManna. Trínár rannpháirtíocht, bhí roinnt de chomhpháirtithe iasachta ar aghaidh CBSÉ in ann dul isteach i gcodanna nua den mhargadh, ag soláthar táirgí airgeadais nó léasaithe nár sholáthair siad roimhe seo, rud a thug acmhainn iasachtaithe breise, rogha níos leithne agus rátaí úis níos ísle do GBManna ar fud na tíre.

Tugann comhroinnt riosca deis do CBSÉ díriú ar chodanna sonracha nua den mhargadh GBM a bhféadfadh deacracht a bheith acu murach sin airgead a rochtain. In 2016 d'fhorbraíomar an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta. I gclár comhthreomhar, ceapadh CBSÉ mar oibreoir agus mar bhainisteoir ar an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa.

Ag féachaint chun cinn go dtí 2017, leanfaidh CBSÉ ag cur iasachtóirí nua ar aghaidh leis, agus trína samhail, leanfaidh sí ag cur maoiniú ar chostas íseal a gheobhaidh sí óna comhpháirtithe chuig GBManna in Éirinn. Féachfaimid freisin le táirgí nuálacha comhroinnte riosca a fhorbairt chun dul i ngleic le teipeanna sa mhargadh. D'fhonn tacú lena gníomhaíochtaí reatha, agus d'fhonn táirgí nua a fhorbairt agus a sheachadadh, chruinnigh CBSÉ €25 milliún breise de chaipiteal i mí Feabhra 2017, trí scaireanna a eisiúint arna suibscríobh ag an Aire Airgeadais. Tabharfaidh an t-instealladh cothromais sin deis do CBSÉ leanúint ag fás agus a straitéis a fhorbairt ar bhealach stuama.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhstiúrthóirí go léir as a gcuid oibre le bliain anuas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin, Nick Ashmore agus le foireann CBSÉ as a dtiomantas agus as an méid a d'éirigh leo a bhaint amach. Rinneamar dul chun cinn maith in 2016 agus ag féachaint chun cinn dúinn, tá sé mar sprioc againn leanúint ag tógáil ar an obair sin in iarracht tacaíocht éifeachtach airgeadais a sholáthar a fhreastalóidh ar riachtanais athraithe GBManna na hÉireann.

Conor O'Kelly
An Cathaoirleach