14. Luach cóir sócmhainní agus dliteanais airgeadais
(a) Luach iompair i gcomparáid le luach cóir
Déantar achoimre sa tábla thíos ar shuimeanna glanluacha agus ar luachanna córa na sócmhainní agus na ndliteanas airgeadais nach gcuirtear i láthair ar Ráiteas na Cuideachta ar an Staid Airgeadais ag a luach cóir. Ní thomhaistear ceann ar bith de na sócmhainní ná dliteanais i Ráiteas na Cuideachta maidir leis an Staid Airgeadais ag luach cóir.
Leibhéal 1 – sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas le praghsanna luaite margaidh (neamhchoigeartaithe).
Leibhéal 2 – sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas le teicnící luachála ina n-úsáidtear sonraí margaidh inbhraite.
Leibhéal 3 – sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas le teicnící luachála ina n-úsáidtear sonraí margaidh dobhraite.
Tomhaistear luachanna cóir na n-ionstraimí airgeadais de réir an ordlathais luacha chóir seo a leanas:
2016 Sócmhainní Airgeadais |
Luach Iompair €000 |
Leibhéal 1 €000 |
Leibhéal 2 €000 |
Leibhéal 3 €000 |
Luach cóir €000 |
---|---|---|---|---|---|
Airgead agus coibhéisí airgid | 21,544 | 21,544 | - | - | 21,544 |
Iasachtaí agus infháltais | 656,444 | - | 656,444 | - | 656,444 |
2015 Sócmhainní Airgeadais |
Luach Iompair €000 |
Leibhéal 1 €000 |
Leibhéal 2 €000 |
Leibhéal 3 €000 |
Luach cóir €000 |
Airgead agus coibhéisí airgid | 120,642 | 120,642 | - | - | 120,642 |
Iasachtaí agus infháltais | 235,603 | - | 235,603 | - | 235,603 |
2016 Dliteanais airgeadais |
Luach Iompair €000 |
Leibhéal 1 €000 |
Leibhéal 2 €000 |
Leibhéal 3 €000 |
Luach cóir €000 |
---|---|---|---|---|---|
Maoiniú agus iasachtaí | 660,122 | - | 660,122 | - | 660,122 |
2015 Dliteanais airgeadais |
Luach Iompair €000 |
Leibhéal 1 €000 |
Leibhéal 2 €000 |
Leibhéal 3 €000 |
Luach cóir €000 |
Maoiniú agus iasachtaí | 350,148 | - | 350,148 | - | 350,148 |
(b) Prionsabail tomhais an luacha chóir
(i) Airgead agus coibhéisí airgid
Tá luach cóir na n-ionstraimí airgeadais seo cothrom lena luach iompair de bharr go bhfuil na in-aisíoctha ar éileamh agus gearrthéarmach i gcineál.
(ii) Iasachtaí agus infháltais agus maoiniú agus iasachtaí
Tá luach cóir na n-ionstraimí airgeadais seo cothrom lena luach iompair de bharr chuspóir/chineál sainmhínithe na n-áiseanna seo. Tá an luach iompair ag costas amúchta.